An bealach chun tosaigh do na meáin Ghaeilge…

 

Tuairisciú beo ón gComhdháil Daonláthach ag an Washington Post

Tuairisciú beo ón gComhdháil Daonláthach ag an Washington Post

Is minic mé ag gearán go bhfuil na meáin Ghaeilge i bhfad ar chúl na meáin Bhéarla.  Tá iliomad nuachtán Bhéarla á dhíol gach lá sa tír seo – cuid mhór acu ó Shasana.   Tá na mílte irisí Bhéarla á dhíol freisin, irisí i réimse mór abhair. 

 

Ní féidir le na meáin Ghaeilge dul san iomaíocht leis an bhforlámhas seo.   Tá gá léimpt chun tosaigh a dhéanamh ionas go mbeimíd chun tosaigh ar an slua.   B’shin a tharla agus mise im eagarthóír ar Lá Nua.  Ba é Lá Nua an chéad nuachtán in Éirinn a d’fhoilsigh podchraoladh laethúil -tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil sé ar ais.   Ba é Lá Nua an chéad nuachtán in Éirinn a d’fhoilsigh nuachtán i bhfoirm PDF saor in aisce ar an idirlíon.  

Feicim anois an bealach chun tosaigh – seo tionscnamh de chuid an Washington Post, nuachtán a aithnítear ar an nuachtán is mó clú ar domhan?  Watergate, Woodward, Bernstein – ainmneacha iad seo a thugann chun cuimhne an uair is fearr i saol na h-iriseoireachta clóite. 

Seo tuairisciú beo ón gComhdháíl Daonláthach i Denver, Colorado, ag an nuachtán sin.  Trachtairí an nuachtáin ag labhairt beo beathach ón ionad comhdhála.  Ní gá fánacht go dtí an lá dar gcionn sa nuachtán.  

Maith iad!  Níl seo costasach. Ceamra digiteach nó beirt.  Cúpla suiochán.  Cúpla micreafón agus tá leat.  D’fhéadfadh sé bheith ana shaor ar fad é a dhéanamh.    Ach níl aon teora leis an lucht féachana.   Níl an Washington Post a leitheid seo de thuairisciú a fhágáíl ag lucht teilifíse.  Tá siad ann ina measc.

Tá sé ráite agam go mion minic nach bhfuil a dhothain trachtaireacht ar chúrsaí reatha ar TG4 nó, seachas trath toghcháin etc, ar Raidio na Gaeltachta.   Tá gá freisin le h-aos trachtairí le Gaeilge a chur os comhair an phobail…

Ar aon nós, tuigeann sibh an bealach atáím ag smaoineamh.  Táim ag obair ar thionscnamh dá leitheid agus beidh a thuilleadh eolais á fhoilsiú agam ina thaobh sna seachtainí romhainn.

2 thuairim ar “An bealach chun tosaigh do na meáin Ghaeilge…

  1. séamus Mac Seáin

    rinne tusa craoladh “beo” tamall ó shin ar chruinniú de choiste na Gaeltachta i gCúil Aodha a shíl mé a bheith go hiontach ach má,s fíor an rud a chreidim, gur “beatha teanga í a labhairt” seachas í a scríobh tá an craoladh sin ó Denver nios fearr arís. Brostaigh le do thaighde ar an abhar
    ta sé de dhíth go géar orainn.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s