Teitheadh na n-óg

Tá laochra óga na tíre ag tabhairt an bhád bhán orthu féin arís.   De réir ailt inniu ag David McWilliams ina ndeineann an trachtaire eacnamaíochta anailís ar líon na n-imreoirí CLG atá ag aistriú go clubanna i Sasana agus i Meirceá, tá glúin óg na tíre ag tabhairt na cosa leo de bharr an lagtrá eacnamaíochta is déanaí. 

Is cinnte go bhfuil titim ar líon na n-óg fhear atá fostaithe sa réimse togála – tá lan stad tagtha ar thogáil tí le roinnt míonna anois.  Tá saoire thraidisiúnta na dtogálaí thart – agus is dócha go bhfuil líon mór oibrithe ligthe chun bealaigh ceal oibre. 

Tá macallaí na droch laethannta le braistint – cé go bhfuil sé deacair glacadh leis inniu, ré an chruiscín lán, trath go mbionn daoine amuigh ag an caifé ag ól cappucino agus ag ithe panini is a leitheid. 

Cá fhad eile go dtí go dtosnóidh sé ag breith greime sa tóin orainn?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s