Socraid cois farraige

Ba mhinicí an gáire ná an gol le cloisint ag an Teach Phobail na Forbacha i gCois Fharraige Dé hAoine le linn searmanas socraide Nollaig Uí Ghadhra, an sar iriseoir agus tír ghráthóír a cailleadh go tobann an tseachtain seo. 

Nó ba cheiliúradh ar an mbeatha fíor eisceachtúil an aifreann seo.   Le h-ais a theaghlach, bhí cáirde agus comhghleacaithe sa Teach Phobail agus b’é a shean chara, An tAthair Pádraig de Blacam, an príomh cheiliúraí. 

 

Bhí go leor scéalta grinn faoi Nollaig á insint agus ba mhór an pleisiúr an aitheasc a thug sean chara eile leis an Gadhrach, an Ollamh Gearóid O Tuathaigh, Luimníoch eile, ag deireadh an aifrinn.  Thug sé chun cuimhne an uair ar ghlaoigh Nollaig, óna leaba oisbidéil, ar an oisibidéal chun fiafraí ina dhiaidh féin mar go raibh sé ag iarraidh cuidiú a fháil agus ag teip air sin a fháil de bharr go raibh an fhoireann tearc san oisbidéal.   Bhí ort bheith ann…

Ba phribhléid agam é aithne a bheith agam ar Nollaig agus bheith ar a liosta poist le linn dom bheith im eagarthóír ar Lá/Lá Nua.   D’easaontuigh mé leis – agus eisean liom – go minic ach bhí meas agam air. 

Bhí iar thaoiseach amháin i lathair ag an socraid, sean chara le Nollaig, Albert Reynolds, agus le cois sin bhí Aide de Camp an Taoisigh, Brian Cowen, i láthair. 

Ní ghuifidh mé suaimhneas ar Nollaig anois nó táim cinnte go bhfuil sé i gcomhluadar na laochra agus é ag iarraidh bun agus barr na misteirí móra i stair na hÉireann a ríomh.  Cé mhairbh Michael Collins?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s