Nollaig Ó Gadhra ar shlí na firinne

Tá an scéal díreach cloiste agam go bhfuil Nollaig O Gadhra, an sár iriseoir Ghaeilge, ar shlí na firinne.  Ina mhódh féin, ar ndóigh, bhí sé riamh ar shlí na firinne.  Chaith sé seal fada ina cholúnaí ag Lá agus ba iomaí nod a thug sé dom mar gheall ar scéalta le fiosrú. 

Bhí ard mheas agam air cé nárbh ionann sin agus a rá nár thit mé amach leis riamh.  Ar ndóigh bhíodh sé ag magadh fúm go minic agus ní rabhas riamh ró mhaith ag glacadh lena leitheid.  

Beidh tuilleadh agam faoi ar ball….ar dheis Dé go raibh sé agus guím comhbhrón ar a mhuintir.

3 thuairim ar “Nollaig Ó Gadhra ar shlí na firinne

  1. Mait Ó Bradaigh

    Ró-óg ar fad a d’fhág sé muid. Leaba i measc laochra agus naomh na nGael go raibh ag a anam.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    laoch mór de chuid na haithbheochana a ba é Nollaig a shaothraigh gan staonadh ar shon teanga agus tír agus a léirigh comhbhá ar leith le muintir an tuaischirt le linn blianta crua na dtroiblóidí.Go gcúití Dia á chineáltas leis. suaimneas síoraí do.

    Freagra
  3. Fearn

    I measc na naomh go raibh sé.

    Is eisean a chuir Geandí in aithne dom, an laoch mór atá agam.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s