Córas oideachais seachas córas scruduithe

Is cosúil gur theip os cionn 5,000 an Scrúdú Matamaitice san Ard Teist ag an bunleibhéal agus ag an bonnleibhéal.  Anuas ar sin nior eirigh ach le beagán sa bhreis is 6,000 grád C3* nó níos fearr a bhaint amach sa Mhata.   Ciallaíonn sin go mbeidh ísliú mór ar líon na n-iarrthóirí a bheidh incháilithe chun réimse cúrsaí ar nós innealtóíreacht is eile a bhaint amach in ollscoileanna na tíre seo.

Tá an tír ina chíor thuathail faoi seo, de reir tuairiscí.  Tá lucht ghnó mí-shasta agus deir saineolaithe go bhfagann sé seo an tir gan an líon scileanna atá riachtanach don gheilleagar eolais atá de dhith anois chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal eacnamaíochta ina bhfuilimíd. 

Creidimse go bhfuil gá le h-oideachas iomlán – agus nach mbraitheann gach rud ar thorthaí scruduithe.  Go deimhin tá an iomarca béime ar scruduithe agus gan a dhothain béime ar oideachas ar mhaithe le h-oideachas. 

Sa chomhthéacs sin, tá sé tabhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach den chóras oideachais.  Tá sé rí thabhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar chuid d’oideachas gach duine.  Is abhar riachtanach í an Ghaeilge d’oideachas gach duine.

Os na figiúirí atá feicthe agamsa agus atá ar fáil ina iomláine anseo, tá cúpla rud le tabhairt faoi ndeara.  Tá ardú tagtha ar an líon iarrthóírí atá ag tabhairt faoin Ghaeilge ag an Ard Libhéal, suas ó 12,948 i 2006 go dtí 13,994 i 2008.   Anuas ar sin tá ardú tagtha ar líon na n-iarrthóirí a bhaineann A1 amach, suas ó 5.2% i 2006 go dtí 5.7% i mbliana.   Tabhair faoi ndeara na staitisticí ar fad anseo thíos.

nat_stats_2008n

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s