Bonn óir bainte ag Bush – as fimíneacht

George Bush ag lorg a shuiochán ag na Cluichi Oilimpeacha i mBeisingTá an chéad bonn óir bainte ag Cluichí Oilimpeacha Beising – agus ar eigean go bhfuil tús leis an aclaíocht fiú. 

Ach mura bhfuil tús curtha leis na h-imeachtaí éagsúla, ní h-ionann sin is a rá nach bhfuil tús leis an iomaíocht. 

Agus é ar a bhealach go Beising, rinne George W. Bush, Uachtarán SAM, ráiteas ag cáineadh na Síne as droch thaifead na tíre sin i réimse na gceart daonna.  Ach nior chuir sin stop leis taisteal go Beising chun a bheith i láthair don searmanas oscailte.  Nior chuir ná baol air. 

Ní bheadh an ráiteas sin leor dhothanach chun é a chur san iomaíocht ach gur dhein sé é an tseachtain céanna go raibh tiománaí Osama Bin Laden á dhaoradh i gcúirt mhileata as ucht ‘cuidiú a thabhairt do sceimhlitheoirí’.  An gciallaíonn sin go mbeidh leitheidí Ryanair nó CIE i mbaol priosún má faightear amach go raibh amhrasáin ag taisteal ar a gcuid eitleán is busanna? 

Ní h-amháin sin ach i dtír Bush, tá daoine óga á dhaoradh chun báis agus á chur chun báis i rith an ama.  Is iad SAM agus an tSín an dhá thír is mó ar domhan a chuireann daoine chun báis. 

Tá éirim ar leith ag Bush chun fimínteachta más féidir leis an tSín a cháineadh as séanadh ceart ar phobal na Síne ach nach bhfeiceann sé an dochar atá déanta aige féin do chearta daonna ar fuaid an domhain. 

Gan amhras, ní Bush amháin a bhí san iomaíocht don bonn óir seo.  Gach tuairisc nuachta a chuala mé le tamall anuas, bhí caint acu ar ‘thaifead amhrasach’ na Síne i dtaobh cearta daonna.  

Is cinnte go bhfuil cearta daonna á shárú sa tSín.  Cearta urlabhraíochta agus cur i láthair, cearta pholatúla.  Cearta tabhachtacha.   Ní ghlacfainn lena léitheid de shéanadh a chiallodh, b’fheidir, nach mbeadh cead agam an bhlag seo a scríobh nó cibé. 

Ach tá tosaíochtaí eile ag Rialtas na Síne – cuireann siad cearta ar nós beatha, dídean, saoirse ó ocras is ó bhochtanas chun tosaigh ar chearta pholatúla.   B’fheidir dá mbeadh an oiread airde againn ar na cearta bunusacha seo is atá againn ar ár gcearta pholatúla go mbeimís níos fearr as. 

Ar aon nós, aontaím le George W. Bush, tá droch thaifead ceart daonna ag an tSín.  Níl sé thar moladh beirte.  Ach ní eisean an fear chun é sin a rá.  Agus baineann sé ó chumhacht an raitis agus ó thabhacht an ábhair go bhfuil seisean anois ina shuí go te i Staid Bheising ag amharc ar shearmanas oscailte na gCluichi OIlimpeacha. 

Go n-eirí le na Cluichí OIlimpeacha! Go n-eirí go geal le gach duine atá ag glacadh páirte ann! Agus, go h-áirithe, go ndéanfaidh laochra na hÉireann a ndícheall cloí le ceart spiorad na gcluichí. Agus má eiríonn leo bonn a bhaint, comhghairdeas.  Mura n-eiríónn leo bonn a bhaint in ainneoin a sar iarrachtaí, comhghairdeas.   Sibhse ár laochra i gcónaí.

 

Tá na Sinigh bródúil as 'cló inghluaiste/moveable type’ a thabhairt ar an saol

Tá na Sínigh bródúil as 'cló inghluaiste/moveable type’ a thabhairt ar an saol

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s