Na Siúracha Seoighe ar sceideal RTÉ

Na deirfiúracha Seoighe, Gráinne agus Sile - ach cé h-é an amadán cluasach sa lár? Is cosúil go bhfuil réiteach faigthe ag RTÉ ar an fhadhb – cé a chuirfidh an clár “Seoighe & ?” i láthair.   Tar éis gur eirigh Joe O’Shea,  comhláithreoir an chláir “Seoighe & O’Shea”, as an clár ag deireadh an tséasúir seo chaite, bhí tuairimíocht ann faoin fhear a thiocfadh in áit an Chorcaioch.   Tá’n ionadaí aimsithe anois – agus is bean atá ann, deirfiúr Ghráinne, Síle, le bheith cruinn agus beacht. 

Ní h-é go raibh nó go bhfuil morán spéise agam sa chlár.  Ach taithníonn na deirfiúracha Seoighe seo ón Spidéal liom go ….seoigh.   Sílim gur labhair mé le Síle uair amháin ar an nguthán agus níor nigh mé ar chúl mo chluasa ó shin!

An t-aon ‘aguisín’ a bheadh agam;  gur mór an trua gur beirt deirfiúr iad seo ón nGaeltacht, arbh í an Ghaeilge a gcéad teanga, a bheidh os cómhair an náisiúin gach trathnóna ag 4.30 ón Fhómhar seo chughainn..agus beidh orthu labhairt i mBéarla ar fad, seachas corr ‘cúpla focal’ Ghaeilge.

Mothaím amhail is go bhfuil siad fuadaithe ó phobal na Gaeilge….

86-08-h-lawlor-scannal-rte-jun08

Ni h-é go bhfuil sceideal RTÉ breac lán le seoid Ghaeilge.  Tá Scannal ag filleadh – comhghairdeas le Scannal nó d’eirigh leo gearán a mhealladh dá gclár ar Liam Lawlor – agus beidh ‘Gárda ar lár’ ar ais freisin.

An t-aon clár atá cuma spéisiúil air an clár dar teideal ‘An bhfuil cead agam’, sraith ina n-ainmneoidh déagóirí a dtuismitheoirí chun seachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht.   Ní olc an smaoineamh é le h-aghaidh blúirín siamsaíochta agus is saor phoiblíocht atá ann do na Gaeltachtaí atá páirteach ann….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s