Mark Durkan beo….de réir tuairiscí

 

Mark Durkan

Mark Durkan

Samuel Longhorn Clemens nó Mark Twain mar ab fhearr aithne air.

Samuel Longhorn Clemens nó Mark Twain mar ab fhearr aithne air.

Is cosúil go bhfuil ceannaire an SDLP, Mark Durkan, beo.    Bhí amhras ann go raibh Feisire Westminster ar son Doire ina bheathaigh ar feadh treimhse fada de bharr ná raibh an tost iomlan uaidh ar feadh faid gach n’fhaid.  Tá cosúlachtaí ann idir scéal Mark Durkan agus scéal Mark Twain a dúirt, nuair a mí thuairiscíodh go raibh sé marbh: 

Reports of my death have been greatly exaggerated.

Aithnítear an tUasal Durkan ar na polaiteoirí is cumasaí ar an oileán ach bhí imní ag dul i dtreise le tamall anuas – agus é luaite ós ard ó am go chéile ar bhlaganna ar nós Slugger O’Toole – faoi easpa láithreacht an tUasal Durkan. 

Inniu, tá mír nuachta faoi ráiteas uaidh ina éilíonn sé aisghairm an Tionóil ó thuaidh mar gheall ar an deacracht faoi láthair idir Sinn Féin agus an DUP.  Ní raibh cruinniú den Fheidhmeannas ann ó mhí an Mheithimh de bharr nach bhfuil SF sásta faoin choimitmint ón DUP idirbheartaíocht dáiríre a dhéanamh faoi cheisteanna ar nós Staid na Ceise Fada, Acht na Gaeilge agus eile. 

Is cosúil go bhfuil réiteach eigean – nach réiteach iomlán é – sroichte i dtaobh poilíneacht agus slándáil.  Ach tá na ceisteanna eile seo le réiteach go fóill de bharr nach bhfuil an DUP sásta dul i ngleic leo. 

Tá sé aisteach go deimhin go bhfuil an DUP ag díriú ar ábhar a chuir ar fáil d’iriseoirí gan tada le tuairisciú acu i séasúr seo na seafóide.  Ar dtúis d’oscail Iris Robinson a béal agus thosnaigh ag cáineadh daoine aeracha as ‘galar’ a bheith acu agus, anuas ar sin, ag maíomh gur uafás níos measa ná drochíde do pháiste abea homaghnéasachas.  Is í Iris an cathaoirleach ar an gCoiste Sláinte ag Stormont.   Ansan inné tá cathaoirleach an Choiste OIdeachais, Mervyn Storey ón DUP, tar éis a mholadh go mbeadh cruthaíochtachas á mhúineadh sna ranganann eolaíochta ó thuaidh, seachas sna ranganna teagasc creidimh. 

Ar aon nós, is údair mhaith iad sin, is dócha(!), an Tionól ó thuaidh a aisghairm agus deireadh a chur le saoire fada na mBall Tionól. Deir Danny Kennedy ón UUP go mbeadh ar an pobal ioc as ticéid fillte na mBall Tionól agus go raibh imní ar a phairtí faoin bhfiúntas a bheadh lena leitheid de bheart. 

Ar an dtaobh eile de chlaí na muice duibhe, tá na Teachtaí Dála agus an Rialtas ar saoire, tá an tóin ag titim as an trabhsar eacnamaíochta agus tá an spéir ag titim orainn. Tá an Tiogar Cheilteach imithe.   Tá postanna ag imeacht leis an ngaoth – agus de réir tuairisce sa Corkman inniu, is cosúil le slua ag páirc peile anois an scuaine a bhionn ag bailiú an dóil ag Oifig Leasa Shoisialta Mhaigh Chromtha. 

Ach níl aon chaint ar aisghairm na Dála.  Nach iad san an dream a tharraing an trioblóid seo go léir orainn.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s