Fáilte Towers – masla in éadan na carthanachta

Bhí sé de mhí adh orm bheith ag féachaint aréir ar “Fáilte Towers” an clár nua ‘siamsaíochta’ atá á chraoladh ag RTÉ gach oíche.   Mar is eol daoibh, is dócha, tá foireann ‘réaltoga’ agus ‘leath réaltóga’ fostaithe chun obair san ostán seo agus riar a dhéanamh ar aoíanna a thagann chun loistín a lorg ann. 

Tá sé go léir déanta ar son carthanachtaí éagsúla agus is dócha go bhfuil sé ann in áit “Charity You’re A Star”, an clár a rinne ‘réalt’ de SBB [anois tá’s againn nach seasann BB do Bhéal Binn] anuraidh.  

Orthu sin atá ag glacadh páirte tá an dís a chan ar son na hÉireann sa Chomórtas Eoraifíse cúpla bliain ó shin, Joe agus Donna McCall, Seán O Domhnaill [iar pheileadóir], Brian Dowling [iar bhuaiteoir de chuid Big Brother] agus Patricia McKenna[iar Fheisire Eorpach].   Agus ar na moltóírí tá Bibi Baskin agus beirt eile nach n-aithním. 

Aréir bhí dream ag fánacht san ostán ná raibh ag caitheamh éadaí dá laghad – níl aon fhocal ann ar ‘nudist’ ag focal.

Ceap magaidh a bhí ann – agus ní raibh sé fiú amháin greannmhar.  Tá an lá go mbíodh alltacht ar dhaoine mar gheall ar chorr tóin a fheiceáil ar an dteilifís cáite.   

Níl a fhios agam an bhfuil mé ró dhúr nó ró ghruama ach sílim go bhfuil bealaí níos fearr chun spórt a bhaint as an saol ná a leitheid seo de chlár teilifíse.   Is clár ó bhun an bharaille é Fáilte Towers.   Is masla é do charthanacht chlúiteach phobal na hÉireann go mbeadh saoistí craoltóíreachta ag súil go dtabharfadh an lucht féachana deontais do charthanachtaí éagsúla tar éis bheith ag féachaint ar a leitheid.An t-aon solás amháin atá le baint as go bhfuil focal Ghaeilge ar an bpríomh chainéil Éireannach!    Ach ní fheadar an buntáiste é go mbeadh daoine ag meascadh ‘Fáílte’ agus Fawlty!   

Ar ndóigh, is másla é freisin don sár chlár teilifíse sin……

2 thuairim ar “Fáilte Towers – masla in éadan na carthanachta

  1. aonghus

    Ní focal teicniúl é lomnochtán, agus ní foclóir Focal.ie!

    http://www.csis.ul.ie/focloir

    lomnochtán [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
    duine lomnocht.

    http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/daoine/lorg.php?tairg=Lorg&facal=lomnochtán&seorsa=Gaidhlig

    Rás go bun atá sa simasaíocht teilefíse; agus ní hiasc ná feoil RÉ. Is mór an trua nach bhfuil craoltóir seribhíse poiblí ceart sa tír – seachas RnaG! Táis uilig ina striapaigh ag fógraíocht, agus lucht fógraíochta ar bís chun greim magairlí d’fháil orainn. Díolann craiceann, is cosúil.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Díolann craiceann, is cosúil.

    Ní dhíolfá cuid den chraiceann a chonac ar an gclár seo aréir ag Aonach na bPoc!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s