Fáilte fuar Bhibi

 

An tuairisc mar a bhi sé ar Tuarascáil an Irish Times ar 24 Bealtaine 1989.  Mise a scriobh - nó bhios i mo mhacléinn iar chéime ag CÓG an uair úd

An tuairisc mar a bhí sé ar Tuarascáil an Irish Times ar 24 Bealtaine 1989. Mise a scríobh - nó bhíos i mo mhacléinn iar chéime ag CÓG an uair úd

 

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An dara mir sa tuairisc céanna.  Thagair sé don alt sa Daily Star, a bhiodh colún á sholathar ag Bibi do ag an am, an lá tar éis na h-agóide.  Faoin cheannline 'Bibi's Blas blasts begrudgers' a scriobhadh é ach ni raibh an alt chomh blasta is fileata céanna.  Anois tá an Daily Star ag foilsiú irise Ghaeilge gach bliain mar chuid d'imeachtai Seachtain Na Gaeilge.   Tá siad tagtha i bhfad ó bheith ag caint ar 'óige na Gaeltachta ranting and raving about the lack of ethnic speaking programmes on RTÉ'.

An dara mír sa tuairisc céanna. Thagair sé don alt sa Daily Star, a bhíodh colún á sholathar ag Bibi do ag an am, an lá tar éis na h-agóide. Faoin cheannlíne 'Bibi's Blas blasts begrudgers' a scriobhadh é ach ní raibh an alt chomh blasta is fileata céanna. Anois tá an Daily Star ag foilsiú irise Ghaeilge gach bliain mar chuid d'imeachtaí Seachtain Na Gaeilge. Tá siad tagtha i bhfad ó bheith ag caint ar 'óige na Gaeltachta ranting and raving about the lack of ethnic speaking programmes on RTÉ'.

 

 

 

Agus mé ag scríobh ainm ‘Bibi Baskin’ i bpostáil eile inniu, tháinig cuimhne chugham ar thrathnóntaí Samhraidh úd sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara beagnach scór bliain ó shin, 16/17 Bealtaine 1989. 

 

Bibi Baskin -  ina moltóir anois ar 'Fáilte Towers'

Bibi Baskin - ina moltóír anois ar 'Fáilte Towers'

An oíche sin bhí taifead ar bun ag RTÉ de chlár comhrá Bibi Baskin in Ostán an Chonamara Coast.  Bhí maithe agus mór uaisle na Gaillimhe ann chun páirt a ghlacadh sa chlár seo, a bhí i mBéarla. 

 

Ach ina measc, sa lucht féachana, bhí roinnt mic léinn ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh.  An plean a bhí acu cur isteach ar an gclár ó am go chéile, go h-áirithe nuair a bhí Béarla á labhairt, chun a gcuid dualgaisí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a mheabhrú do RTÉ.

Cuireadh isteach ar an gclár arís agus arís eile.  Bhí sé ina raic.  Dar le daoine a bhí i láthair, chuaigh Bibi ar chúl an ardáin agus na mionnaí móra aici ag tabhairt amach faoin gcur isteach seo ar chúrsaí. 

Tharla sé an dara oíche as a cheile freisin.  Ní raibh aon leigheas acu ar chúrsaí.  Ba agóid shuntasach a bhí i gceist agus ba phointe tabhachtach é sa streachailt le h-aghaidh bunú TG4.  Ait an scéal gur beag duine ón ngasra a bhí páirteach sna h-agóídí sin – nó go deimhin Bibi í féin – ar eirigh leo post a fháil sa staisiún nuair a bunaíodh é.    Tá na poist sin ag daoine, a bhfurmhór mhór, a tháinig i ndiaidh na glúine réabhlóídí sin – agus an ghlúin a chuaigh rompu agus a rinne agóid ag an ionad céanna scór bliain roimhe nuair a sheas dream óg an fhód faoi thaifeadadh ‘Quicksilver’ ar an láthair. 

 

Ná Brú Béarla ar Chonamara!

An Dr. No - macléinn Seapanach ó Ollscoil Luimní, le Gaeilge líofa, a ghlac páirt san agóid. Ar an gcomhartha a bhí á iompar aige bhí an manna seo: 'Raidio Teilifís Éireann: Ná Brú Béarla ar Chonamara!

11 de thuairimí ar “Fáilte fuar Bhibi

  1. séamus Mac Seáin

    caithfidh go bhfuil rud eigin san uisce ata na Gaeil ag ól ar na laethanta seo nó tá túsa ag caint ar agóidí i gConamara a thárla fíche bliain ó shin agus tá mise tar éis a bheith ag cruinniú sa Chultúrlann i mBéalfeirste anocht ag a rabhthar ag plé agóidí i gConamara a thárla daichead bliain ó shin.Dúirt fear óg liom go dtáinig sé chuig an chruinniú ag dúil leis cainteoirí á dtáithí a úsáid leis an bhealach chun tosaigh a shoiléiriú dó ach nach bhfuair sé ach stair agus tuilleadh staire.Cád é an seort dream sinn go mbíonn muid go síoraí ag amharc siar?
    a dúirt sé.D’fhreagair cara liom é ar an dóigh seo. tá siad ag amharc siar as siocar gur stop á saol ag an am sin. An amhlaidh go bhfuil an ceart aige?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá roinnt atá siocaithe in aois ar leith nach féidir leo éalú as. Tá cuid eile – agus áirím féin ina measc – a bhaineann feidhm as an stair mar acmhainn. Níl mé ag iarraidh mo shaol a chaitheamh ar agóid – táim ag dul chun tosaigh. Sin cuid den fath go bhfuil mé dubh dóite leis an chaint seo ar Acht Teanga. Léigh mé alt an tseachtain seo chaite inar thug Pádraig O Ceithearnaigh le fios gur slat tomhas feabhais é go raibh 4,000 gearán faighte ag an gCoimisinéir Teanga ó bhí 2004 ann. De reir Lá Nua inniu, is é buiséad bliantúil an Choimisinéara Teanga €1.025m. Sin €4.1m san iomlán thar ceithre bliain. Mar sin ciallaíonn sin go mbeadh €1,000 ar gach gearán. Sa tréimhse céanna bhí, abair 1000 eagrán Lá / Lá Nua ann. An fearr de an Ghaeilge gur caitheadh an €4m ar gearáin seachas ar barr feabhais a chur ar an nuachtán?

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    sé an donas faoí bhlag ‘s agatsa a choncubhair go naontaím le chuile rud a nabair tú, ach sa bheag,agus anois bím ag cuardach abhar easaontais ann ar mhaithe le díospóireacht.is fearr imreas na uaigneas i gcónaí.

    Freagra
  4. aonghus

    Dála an scéil, a Chonchubhar, is fairsinge réimse oibre an Choimisinéara agus fiosrú gearáin.

    Mar sin, cé go bhfuilim ar aon fhocal leat maidir le breis maoiniú do na meáin Ghaeilge, ní aontaíom le’d reicneáil thuas.

    Tá stuif maith ar bun aige ar chúla tearmaí, agus cuir beasa ar an státseirbhís. Agus maidir le gearáin: b’fhiú a lán don Ghaeilge an iachall a chuir sé ar an Roinn Eadóchais an curacalam meanscoile a chuir ar fáil i nGaeilge.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Is uafásach an scéal é go bhfuil an Stat ag caitheamh €1m in aghaidh na bliana ar Choimisinéir chun iallach a chur orthu na dualgaisí dlithiúla atá orthu de reir reachtaíocht eile – an tAcht Oideachais – a chomhlíonadh.

    Agus maidir le béasaí a chur ar stat sheirbhísigh, ní ghlacaim leis gur caiteachas fiúntach é an t-airgead a chaitear ar a leitheid.

    Ní chothaíonn sin ar fad ach cultúr an ghearáin. D’fhéadfaí an Stat Sheirbhís a náiriú tré cúpla blag mhaith a bheith ann fiú! Ag an pointe seo im shaol, agus cé go bhfuil meas agam ar Sheán Ó Cuirreáin, ní fheictear dom go bhfuil aon tairbhe á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara don Ghaeilge. Post maorláthach eile chun súil a choimeád ar an mhaorláthas. Ní chothaítear ach an maorláthas!

    D’eirigh leis an agóid a luaim thuas breis dlús a chur san fheachtas chun TG4 a chur ar an bhfód. Niorbh é an TG4 a bunaíodh an TG4 a bhí á lorg – ní h-é go fóill – ach is fiúntai é ná 100 coimisinéar teanga. Is amhlaidh an scéal le Lá Nua agus, fiú, Foinse….

    Freagra
  6. aonghus

    Níl coras ar bith, stáit ag go hairithe, nach fiú cigireacht a dhéanamh air, ná a fheidhmíonn go maith d’uireasa cigireacht.

    An dóigh leat gur cur amú airgid an tARD REACHTAIRE CUNTAS agus CISTE

    Ní cheart go mbeadh gá leis an guth séimh agus an bata mhór – ach tá, agus tá siad sna lámha cearta!

    Tá níos mó i gceist leis an nGaeilge na teanga teallaigh agus ealaíona! Mar sin, tá gá le gníomhú stáit agus cigireacht air.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Ni mar a cheile an dhá rud, Aonghus. Is d’fhonn airgead a choigilt atá oifig an Ard Reachtaire ann. Níl in Oifig an Choimisinéara Teanga ach ‘líne gearáin’ faoi ‘ghradam’. Cosnaíónn sé airgead. I bhfad an iomarca airgid.

    Agus dá mba rud é go raibh feachtais comhthreomhar ann, le h-acmhainní cuí, chun tacú le Gaeilge sna h-ealaíona nó sa teaghlach, b’fheidir nach mbeinn ro bhuartha. Feictear dom, mar shampla, go bhfuil airgead poiblí á fháil ag Féile Amharclainne BAC – ach níl oiread is dráma amháin Ghaeilge ar an gclár. Tá airgead poiblí á fháíl ag leitheidí Amharclann na Mainistreach ar feadh na mblianta agus an cuimhin leat an dráma Ghaeilge deireannach a chuaigh ar an ardán ann?

    Freagra
  8. aonghus

    Samplaí eile mar sin:
    Cigireacht na Gardaí
    An Coimisinéir Cosanta Sonraí

    agus rl.

    Tá níos mó i gceist le hobair an Choimisinéara na gearáin amháin.

    Tá comhairle agus cúnamh don Státseirbhís i gceist freisin.
    Agus is as na scéimeanna teanga a dtiocfaidh feabhas ar na rudaí a luann tú. Beidh ar an gComhairle Ealaíona agus an Roinn Ealaíona dul i ngleic leis an easpa freastal atá á dhéanamh acu nuair a bhíonn orthu scríobh síos cad a dhéanann agus nach ndéanann siad.

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Tá sé soiléir go bhfuil an Chomhairle Ealaíon agus an Roinnt Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta ag déanamh neamairt ar an nGaeilge, mar atá na céadta rannóga rialtais is comhlachtaí poiblí (tá 650 comhlacht/roinn a chaithfidh scéim a aontú, níl ach b’fheidir 50 déanta go dtí seo) ag déanamh neamairte freisin.

    An rud a dheineann na scéimeanna seo go gcuireann siad réiteach ar an méar fhada. Beidh glúin nó dhó caite sara mbeidh gach comhlacht ar an liosta sin liostáilte sna scéimeanna – agus cad a dheintear san idirlínn? Níl sé maith a dhothain – is cur amú airgid agus ama é. Tá gá dhúinn fócas a bheith againn ar rudaí a chuidíonn leis an nGaeilge agus le pobal a labhartha anois, ar bhealaí phraicticiúla seachas an bealach fadalach mí phraicticiúil atá roghnaithe d’aon ghnó, ag an gcóras ó dheas.

    Is é an cruthú is fearr go bhfuil ag teip ar an Acht Teanga ó dheas go raibh reachtaíocht bunaithe ar scéimeanna, de reir réamhshampla an deiscirt, á moladh ag an Rialtas ó thuaidh. Sea, agus bhí siad ag moladh coimisinéir teanga freisin.

    Tá feidhmeanna praicticiúla leis na samplaí a luann tú. Níl aon feidhm phraicticiúil leis An Choimisinéir Teanga. Conas atá sé ag tabhairt comhairle agus cúnamh don Stat Seirbhís?

    Níl ag eirí leat mé a mhealladh led argóíntí bíodh is go bhfuil cuma réasúnta orthu – níl tú ach ag argóint, i ndáiríre, ar son ‘status quo’ sé sin gan ach tada a dhéanamh agus é a dhéanamh go mall. Sin é atá i gceist le h-oifig an Choimisinéara Teanga. Sin an fath go bhfuil an rialtas sásta €1m sa bhliain a chaitheamh. Duile fige thar a bheith costasach chun a náire maidir leis an teanga a chlúdach atá ann.

    Freagra
  10. aonghus

    Fágaimis mar sin é.

    Admhaím gur cur chuige Fabiach atá ag Ó Cuív.

    Ach is dóigh liom go mbeadh toradh fónta ar an gcuir chuige mall, réidh seo.

    Níl an tábhacht céanna ag baint le gach comhlacht den 650, ó tharla gur beag teagmháil ata ag roinnt acu le pobal na Gaeilge.

    Agus tá na rudaí bunúsacha – freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras i nGaeilge, mar shampla, clúdaithe san acht nó i rialacháin faoi.

    Níl le náire atá muid ag dul i ngleic ach le naimhdeas sciar shuntasach den Státseirbhís agus na meáin Bhéarla, gan trácht ar “committed revialists”(mar a thug an IT air) cosúil le Joe O Toole (TM) (branda is ea a ainm, tá’s agat).

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s