Cluichí polatúla agus Béal Cam

 

Is léir go bhfuil Albainis Uladh 'gafa' ag an bpobal dilseach....

Is léir go bhfuil Albainis Uladh 'gafa' ag an bpobal dílseach....

Tá sé molta ag urlabhraí Ghaeilge Shinn Féin, Francie Brolly, gur cheart go dtabharfadh Aire Cultúir an Tuaiscirt, Gregory Campbell – nó Cam Béal – cothrom na Féinne don Ghaeilge agus don Albainis Uladh. 

 

Botún é seo, ar ndóigh, nó ba mhaith le hAire Cultúir an Tuaiscirt go mbeadh an Ghaeilge agus an Albainis Uladh sa bhad céanna – ag bun Loch Neachach!   

Is iomai uair a chuala mé fear an DUP ag maíomh go raibh sé ar shon ‘cothromas’ a thabhairt don dhá theanga/chultúr – ach nach dtaitneodh sé sin le roinnt dá dtarlódh sé.    

Anois tá sé san áit gur féidir leis a leitheid a dhéanamh.  Agus is léir go bhfuil sé chun tabhairt faoi gan náire.   Agus is cinnte go mbainfidh sé mí úsáid as an méid atá ráite ag Francie Brolly ó SF ar an gceist. 

De réir an scéala seo tá aighneas i measc lucht Albainis Uladh faoi céard atá i gceist.  Dar leis an Boord o’Ulster Scotch, is teanga í atá bunaithe ar Albainis a labhartar i ‘dTuaisceart Éireann’[ní chuireann sin san áireamh go labhartar í freisin i gcodanna de Thír Chonaill].  Dar leis an Acadamh Albainis Uladh, is teanga ann féin í Albainis Uladh.  Ní léir do einne cad as a thagann an tuairim seo – nó ní aontaíonn an Boord leis fiú.  

Is é seo an tAcadamh céanna atá ceisteanna diana á chur faoina thodchaí.  An t-aon duine nach bhfuil ag cur na ceisteanna, an Aire Cam Béal.  Nó creideann sé sin san Acadamh fiú nuair atá an Boord o’Ulster Scotch ag rá go bhfuil na  moltaí faoi bhunú an Acadaimh gan bunús, scoilteach agus ina bhagairt don teanga.   Ní h-amháin sin, cé gur gealladh £12m don Acadamh an uair céanna ar gealladh an £12m don Chiste Craoltóireachta – cothromas arís.  De bharr mí eifeacht agus eile[?] ní raibh ar chumas an Acadaimh fiú £1m de sin a chaitheamh ó shin. In ainneoin go bhfuair an Roinn an farasbarr ar ais, bhí an Roinn céanna fós sásta deireadh a chur leis an Ciste Craoltóíreachta ó mhí na Márta seo chughainn ach amháin an feachtas a rinne Lá Nua chun a gcúramaí a mheabhrú do pholaiteoirí – leitheidí SF agus an SDLP agus eile.

Ar aon nós, tá dhá chás éagsúil ann, in ainneoin na h-iarrachtaí atá ann iad a cheangal.  Cás na Gaeilge agus cás na hAlbanaise Ulaidh.  Caithfear cothromas a léiriú don dhá chás de reir na cúinsí éagsúla atá i bhfeidhm don bheirt.   Is léir mar shampla go bhfuil an Ghaeilge níos forbartha ná an Albainis Uladh – ach ní údar é sin chun pionós a ghearradh ar lucht na Gaeilge as a n-éifeacht.  Ba cheart tacaíocht a thabhairt don dhul chun cinn atá á dhéanamh le cur in iul do lucht na hAlbainise Uladh go bhfuil bealach chun tosaigh ann.

Ach is cosúil go bhfuil lucht na hAlbainise Uladh ag tabhairt faoi chúrsa difriúil – le tacaíocht do bhannaí ceoil dílseacha, dluthcheirníní de chuid an Oird Oraistí is eile.  Is gluaiseacht chultúrtha/pholatúil é nach mór agus tá go leor macallaí den ‘teanga Phrotastúnach do phobal Phrotastúnach‘ ag baint leis.  Ar ndóigh labhrann Caitlicigh í freisin ach ní aithnítear san.   Agus tá an dearg fhuath ag go leor Protastúnaigh ar an Albainis Uladh, údar náire acu é.

Scéal casta gan aon amhras – ach níor cheart bheith ag iarraidh an scéal a dhéanamh níos éasca ag Greagóir an Bhéil Chaim tre bheith ag lorg cothromas don dhá theanga.  An cothromas atá de dhith ar an nGaeilge, ní h-ionann é agus an cothromas atá de dhith ar an Albainis Uladh.

Nílim iomlán cinnte gur maith an rud é Acht Ghaeilge, a bheadh ina theip agus ina chur amú tubaisteach ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, ach bheadh sé ar fheabhas dá mbeadh scéimeann logánta le feidhmeannaigh fostaithe i gceantaracha éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantaracha sin, chun ranganna a éascú agus imeachtaí eile a reachtáil.   Gan tracht ar mhaoiniú ceart do na meáin, idir scáileán is cló.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s