Na ‘X’ Comhaid – i nGaeilge agus ansan i mBéarla

agallamh i bhFoinse na seachtaine seo le David Duchovny agus Gilian Anderson, Fox Muldar agus Dana Scully, réaltaí an scánnáni nua de chuid The X Files – I Want To Believe.  Bhí an dhúil agam riamh sa scánnán seo agus léigh mé an t-agallamh leo a fhoilsíodh i bhFoinse ag an deireadh seachtaine.   Táim ag súil go mór leis an scánnán….

Ar aon nós, bhí go maith agus ní raibh go h-olc.  Ar maidin inniu d’oscail mé mo choip den nuachtán áitiúil, The Corkman, agus céard a bhí istigh ann ach agallamh le….David Duchovny agus Gillian Anderson. 

Thosnaigh mé á léamh.  Bhí sé amhail is go raibh sé léite agam roimhe nó ba aistriuchán focal ar fhocal a bhí ann ar an agallamh i nGaeilge ar fhoilsíodh é i bpríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge. 

An cás é seo le h-aghaidh Muldar agus Scully?  An raibh an t-é a scrígh an t-agallamh le h-aghaidh An Corkman ar an mhinicíocht mheabhrach céanna le agallamhóir Foinse?  An bhfuil an tUilíoch Béarla chomh comhthreomhar sin leis an Uilíoch Gaeilge? Rith na smaointe sin liom agus mé ag léamh an dhá agallamh. 

Ar ndóigh b’fheidir go bhfuil míniú an simplí ann ar chúrsaí.  B’fhéidir go gcuirtear an t-abhar seo ar fáil ag lucht poiblíochta an scannáin d’iriseoirí is do nuachtáin agus ligtear doibh pé rud is maith leo a dhéanamh leis. É a aistriú go Béarla, Gaeilge, Frainncís, cibé teanga. 

Ní droch rud é seo, go h-áirithe de bharr gur i nGaeilge a léigh mé an t-agallamh ar dtúis.   B’fhearr liom an cineál seo abhair, abhar speisiúil atá i dtiúin le mo shainspéis sna scannáin, a léamh i nGaeilge ná bheith ag léamh an tuarascáil le h-aghaidh Bórd Gáis nó a leitheid. 

Tá tuilleadh den chineál seo stuif de dhith.  Cad faoi Hello i nGaeilge?  Nó OK – bheadh sin ceart go leor! Nó Fly Fishing Monthly nó MacFormat nó cibé ar mhaith leat tú féin!  [Fag na h-irisi gáirisiúla sin ón seilf ar bharr as do lámh!]

Ar ndóígh tá nós* ann – agus anois deirtear liom go mbeidh sé ar fáil ar shintiús agus go mbeidh tú abalta coip crua a fháíl i do láimh.   Maith sibh lucht nós* – is é sin an cineál birt atá de dhíth. Tá mo sheic sa phost!

10 dtuairim ar “Na ‘X’ Comhaid – i nGaeilge agus ansan i mBéarla

  1. GGN

    I dtiortha eile ar nos an Chataloin, bionn an ten ten leabharthai i gconai ar fail sa teanga sin, ba choir go mbeadh an Gum i gconai ag aistriu na leabharthai is mo diol sa domhain go Gaeilge. The Da Vinci Code, The God Dellusion, chuile rud.

    Freagra
  2. aonghus

    Má tá an Gúm le hairgid a chaitheamh [arís] ar aistriúcháin, b’fhearr liom go gcaithfí ar leabhra mór le rá i dteangacha seachas an Bhéarla an t-airgead.

    Bo mhó an tairbhe é sin, agus ba mhó an seans go gceannofaí iad.

    Freagra
  3. GGN

    Tuigim do chas, ach ni ritheann se linn dar liom ca mhead leabhair narbh leabhar Bearla iad sa chead dul sios.

    Chomh maith leis sin is i an Bhealra an comortas againn.

    Cibe ar bith, ten ten i ngach teanga, ni duirt me Bearla go direach.

    Ca faoi na leabhair a rinne An Gum cheanna fein a fhoilsiu arist?

    Freagra
  4. aonghus

    Bhí scéim ag an nGúm sna 1940í leabhair a aistriú.

    Chreid na gRainnaigh gur scrios sé a gcumas scríobh a bheith ag obair ar na saothair úd…

    Athfoilsíodh roinnt de na leabahir le deanaí – Pinnochio, abair.

    Cheannaigh mé an leagan Gaeilge d’Artemis Fowl agus Harry Potter do mo ghasúr.

    Ach bhí an leagan Béarla sean léite acu cheana.
    Ceal taithí, tá sé níos deacra orthu a mhacasamhail a léamh i nGaeilge. Mar sin, ní mór luach saothair, i. scéal nua, a bheith ann don dua breise.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Is é mo rogha féin go dtugann an Rialtas spreagadh d’fhoilsitheoirí: má fhoilsíonn siad leagan Ghaeilge den leabhar mór le rá bhéarla ar an lá céanna nó roimh an leagan Bhéarla, bheadh laghdú ar an líon cánach a bheadh le fáil ag an rialtas, CBL, ó dhíol an leabhar [leagan Ghaeilge agus leagan Bhéarla} sin. An mbeadh foilsitheoirí sásta lena leitheid?

    Freagra
  6. aonghus

    Seans go mbeadh. Ach an léifí na leagan Gaeilge? Pé scéal é, is cuid thar a bheith beag de mhargadh na Béarla í Éire.

    Foilsíodh leabhar Ré Mac Mánais ar an Uachtarán i nGaeilge bliain roimh an leagan Béarla – ach an mó aird a tugadh air, go dtí go raibh an leagan Béarla ann.

    Tá géarchéim léitheoireachta sa Ghaeilge; fáinne fí atá ann. Níl taithí ag daoine Gaeilge a léamh, mar sin ní léann siad leabhair i nGaeilge de bharr an dua a bhaineann leis…

    Dála an scéil
    “Chreid na Griannaigh” a bhí i gceist agam thuas.

    Freagra
  7. Concubhar O Liathain

    Droch shampla a phioc tú, a Aonghuis. Is cuimhin liomsa go maith an scéal faoi leabhar Ray faoin Uachtarán. Bhí agallamh ag Eoghan Ó Néill leis ar Raidio Fáilte inar thug sé cúpla seod uaidh – mar shampla gur shíl Mhic Giolla Iosa go raibh ceithre míbhuntaiste aici in RTE, ba thuaisceartach í, ba Chaitliceach í, ba bhean í agus ba naisiúnach í – sarar foilsíódh an leabhar. Chriochnaigh an scéal sin, via cead leathnach Lá, sa Sunday Independent. Iontas na n-iontas, thug siad le fios gur i Lá a tuairiscíódh an scéal sa chéad dul síos. Ar aon nós bhí clampar beag ann – ach ní doigh liom go raibh raic dá laghad ann nuair ar foilsíodh an leabhar i mBéarla. Ar ndóigh d’fhéadfadh go mbeadh nios mó ‘hype’ faoi sarar foilsíodh i nGaeilge é ach ní raibh ach Ray ag obair ar an cás – rinne sé a dhícheall. Bhí Foras na Gaeilge ag maoiniú an seift seo – ach níor dhein siad tada chun an scéal a dhíol cé gur chuaigh siad le h-aghaidh lón san Aras ceart go leor. Tá’s agam nó bhí mé ann. D’fhagadh sinne, na tuairisceoirí ó RTE agus eile, taobh amuigh fhaid is a bhí lón ag Ferdie agus na boid mhóra eile.

    Leabhar le John Grishamh, Cecilia Ahern nó a leitheid atá de dhith. Is trua nár leanadh leis an scéim a bhí ann cúpla bliain ó shin ag leitheidí Patricia Scanlon, Roddy Doyle agus Maeve Binchy. [Ní h-é go dtaithníonn na h-údair liom ach is iad na ‘h-ainmneacha is mó’ i saol na foilsitheoireachta.

    Ar ndoigh ní cabhair é nach bhfuil clár maith leabhair ag TG4 nó ag RnaG agus ní fhaigheann údair leabhair Ghaeilge aon cuirití chun bheith páirteach in agallaimh ar chláracha cosúil le The Tubridy Show ar nós gach aon steal asail údair a thagann le leabhar leatbhacáílte i ndroch Bhéarla a dhíol in Éirinn. Nuair a fhaigheann léamh na Gaeilge bás, is neamh shuim a bheidh luaite mar úirlis a dhúnmharuithe agus i gcró na cúirte, cúisithe as comhcheilg, beidh RTÉ.

    Freagra
  8. GGN

    Ná déanamis dearmad a chairde nach scríobhtar gach leabhar i mBéarla sa chéad dul síos.

    Cad fá scéim éigin ina ndéanfadh daoine leabhar éigin a éileamh, dá mbeadh 500 daoine ann ag éileamh leabhar ar bith, dhéanfadh An Gúm aistriúchán air?

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim gur cheart iarraidh ar na daoine sin, a luaithe is a bheadh an 500 bainte amach [nó cibé sprioc ar ghá], ioc chun tosaigh. Bheadh deacrachtaí leis an scéim gan amhras ach d’fhéadfaí teacht tharstu.

    An deacracht atá ann i bhfirinne go bhfuil tú ag caint ar leabhair atá i gcló theana féin – agus is dócha go bhfuil siad léite acu san atá ag iarraidh iad aistrithe go Gaeilge.

    Caithfear tosnú agus cúrsaí ar nós scriobh uirscéil is a leitheid a bheith mar chuid de chúrsaí léinn Ghaeilge san ollscoil. Má tá cúrsaí ann dírithe ar phluiméirí is eile a oiliúint, ba cheart go mbeadh amhlaidh scéil ann do scriobhnóirí.

    Ach, an cheist mhór, an féidir duine a oiliúint le bheith ina scriobhnóir? Nó an gá gur scriobhnóir atá ann agus go gcuirtear oiliúint air nó uirthí le barr feabhais a bhaint amach?

    Freagra
  10. aonghus

    Tá cursaí dá leithéid ann i dteangacha eile.
    Mar mháistreacht is minice iad a bheith, go bhfios dom.

    Bíonn cursaí oiliúna á reachtáil i nGaeilge ag Padráig mac Fhearghusa (fear Feasta) agus Pádraig Ó Snodaigh.

    Deirtear nach féidir fonn, féile ná filíocht a fhoghlaim, áfach. Is dóigh liom go bhfuil roinnt den fhírinne ansan – caithfidh tallann éigin a bheith ag duine, ach cinnte is féidir snas a chuir air.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s