Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003-8: teip tubaisteach

Is mór an difir idir stadas teanga agus stáid teanga.  Tá stadas ag an nGaeilge faoin mBunreacht, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, anois, is teanga oifigiúil oibre í san Aontas Eorpach. 

Tá buntáistí áirithe ag gabhail leis an ‘stadas’ sin.  Ach ní mór an chabhair í an stadas chun staid na teanga a fheabhsú, chun cur leis an líon daoine a bhionn á labhairt agus á scríobh agus á léamh gach lá. 

Sílim go bhfuil ag eiri le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ceap magaidh agus staicín aiféise a dhéanamh den Ghaeilge.   Cinnte tá tuarascálacha bliantúla againn anois i nGaeilge ná raibh againn roimhe – ach cén tairbhe iad nuair nach raibh fonn orainn iad a léamh i mBéarla. 

In alt san Irish Times inniu, deir Pádraig O Ceithearnaigh: “Tá polaiteoirí a deir nach léann éinne na tuairiscí céanna i mBéarla fiú ach ní chloisim éinne acu ag moladh go stopfaí á gcur ar fáil.”

Pointe maith, b’fhéidir, i ndiospóireacht ollscoile nó meánscoile ach níl sé chomh laidir sa bhfíor shaol.  Ba cheart athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an mbealach a chuirtear a leitheid ar fáil – agus tuigim go bhfuil caint ann anois go bhféadfaí tosnú á gcur ar fáil ar líne amháin agus go mbeadh deireadh le clódóireacht dáite.   Cá fhad ina dhiaidh sin go dtosnóidh príomh fheidhmeannaigh na gcomhlachtaí poiblí agus stat sheirbhísigh ag gearán faoi ‘chostas na Gaeilge’?   Nó an bhfuil seo ag titim amach theana féin?

Ní h-é nach n-aontaím gur cheart go mbeadh a leitheid ar fáil i nGaeilge.  Ach ní tosaíocht liom é.   B’fhearr liom go mbeadh leaganacha Ghaeilge de leabhair móra le rá i mBéarla ar an margadh ionas go spreagfaí léitheoireacht i nGaeilge.    An spreagfaí é?  Níl fhios agam ach tá seans níos fearr ann go léifear an leabhar is déanaí ó pheann John Grisham i nGaeilge ná mar a léifear an tuarisc bhliantúil ó Bhord Gáis sa chéad teanga oifigiúil. 

Dar ndóigh, agus mar a deir Pádraig ina alt ní raibh an t-airgead ‘atá á chur amú’ ar foilseacháin a chur ar fáil i nGaeilge anois á úsáid ar bhealaí eile ar leas na Gaeilge roimh reachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

Arís is argóint mhaith í seo i ndíospóireacht.  Níl an réamhshampla go maith.  Ach sin ráite, an féidir linn smaoineamh ar an gceist i slí eile?  Faoi láthair tá, nó tá in ainm a bheith, polasaí nua á dhréachtú le h-aghaidh cur chun cinn na Gaeilge as seo go 2028.  An féidir linn a mholadh go mbeadh athshamhlú ar an múnla faoina dtugtar tacaíocht stait don Ghaeilge?  Is cinnte go bhfuil a gcuid sumanna déanta ag an Stat Sheirbhís agus go bhfuil a fhios acu go dtí an cent is giorra an chostas atá ar aistriúcháin Ghaeilge ar chaipéisí oifigiúla in aghaidh na bliana.   Dá ndéanfaí socrú leis an Rialtas go mbeadh pobal na Gaeilge sásta le leath an tsuim seo ach é a bheith cáíte ar fhoilseacháin Ghaeilge a bheadh inléite – nuachtáin, irisí, suíomhanna idirlíne is eile, bheadh sabhailt substaintiúil i gceist don stat agus, le feachtas margaíochta ceart, bheadh éileamh níos mó ar abhar chlóite i nGaeilge le léamh. 

Ina alt san Irish Times, maíonn Pádraig  gur céim mór chun cinn é go n-aithníonn furmhór mhór na gcomhlachtaí faoin am seo má fhaigheann siad comhfhreagras i nGaeilge gur i nGaeilge a chaithfidh siad freagra a chur air.  Thug sé mar shampla eispearas a bhí aige féin le déanaí. An cheist atá agam:  An mó duine taobh amuigh de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá ag cur na trioblóide orthu féin comhfhreagras i nGaeilge a chur chuig comhlachtaí poiblí agus rannaí stáit?  An bhfuil an oifig a bhionn ag plé le comhfhreagras Ghaeilge i ngach comhlacht phoiblí chomh folamh leis an oifig a bhíodh ag comhlacht beorach aitheanta [de réir fógra teilifise] chun deileáil le gearáin? 

Tá ard mholadh ag leas stiurthóir na Comhdhála d’Oifig an Choimisinéara Teanga.  

Thiar sa bhliain 2003 i mbunú Oifig an Choimisnéara Teanga a chuir formhór phobal na Gaeilge an dóchas is mó agus níor loic an oifig nó an coimisinéir ar an bpobal ó shin.  Is léiriú ar mhuinín an phobail san oifig go bhfuil os cionn 2,000 gearán faighte ó 2004 agus líon na ngearán ag fás in aghaidh na bliana.  Is ábhar misnigh é freisin gur ó cheantair éagsúla sa tír a thagann na gearáin céanna. 

 

Sílim go bhfuil Pádraig  O Ceithearnaigh go h-iomlán mícheart.   Cé go bhfuil meas pearsanta agam ar chumas agus ar eifeacht Sheán O Cuirreáin, sílim gur ionann agus teip tubaisteach agus costasach é Oifig an Choimisinéara.  Má tá líon na ngearáin atá á sheoladh chuig na h-oifige seo ag dul i méid, léiríonn sé go bhfuil an córas ag teip agus, mar sin, go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ag teip.   Mura bhfuil i gceist ag an Oifig seo ach cineal ‘whineline na Gaeilge’, ní fiú é.  B’fhearr liom go gcaithfí an t-airgead ar leagan Ghaeilge de Joe Duffy a chur ar fáíl ar staisiún Gaeilge atá comhionann le Raidio 1!  Agus cinnte go mbeadh Seán O Cuirreáin i ndán don obair sin freisin nó tá cúlra raidio aige gan sarú!

Agus é ag cur clabhsúir lena alt, caitheann Pádraig súil ar na nithe atá le teacht, feidhmiú rialacháin faoi Mír 9(1) agus tá spéis á léiriú aige freisin san pléchaipéis atá foilsithe le déanaí ag an Roinn faoi fhograíocht.  Ní thagaim le dearcadh na Comhdhála de réir mar a nochtaíodh anseo é anuraidh, mar fhreagra ar eagarfhocal a scrígh mé agus a d’fhoilsíodh i Lá Nua.  Creidim go bhfuil i bhfad an iomarca airgid á chaitheamh ar fhograiocht phoiblí i nGaeilge sna meáin Bhéarla mar atá agus go bhfuil gá le h-athrú dearcadh.  Is é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá ag cruthú ‘geiteo na Gaeilge’ má tá aon dream á chruthú. 

Deirtear sa tSínis gur cheart bheith cúramach faoin rud a éilíonn tú ar eagla go bhfaigheann tú é.  Sin atá tarlaithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus, is dócha, atá ag titim amach freisin le Stadas na Gaeilge san Aontas Eorpach.  Go fóill ní fheictear dom go bhfuil aon leas bainte ag an nGaeilge ón ardú stadais a fuair sí ón Aontas ar Lá Coille anuraidh.  B’fheidir, ar nós Réabhlóid na Frainnce, go bhfuil sé ro luath a rá go fóill ach táim in amhras. 

Ní dócha go ndeinfear aisghairm ar cheachtar den dhá rud seo anois.  Ach má tá straitéis fónta le bheith ann chun an teanga a chur chun cinn sna blianta atá romhainn, caithfear díriú ar rudaí a chuirfidh le stadas na Gaeilge cinnte ach a chuirfidh le beocht agus beatha na teanga thar aon rud eile.   Beidh an teicneolaíocht, na meáin agus oideachas lárnach sa chur chuige nua seo.   Agus má eiríonn leis an stráitéis sin, leanfaidh an stadas gan amhras.

3 thuairim ar “Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003-8: teip tubaisteach

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Rud eile a ritheann liom anois – agus rith sé liom ag an am freisin – nuair a d’eisigh an Roinn Cultúr ó thuaidh plé chaipéis faoi Acht Ghaeilge ó thuaidh, bhí sé bunaithe cuid mhór ar an eispearas ó dheas. Arbh é an údar le sin gur mothaiodh go mbeadh an múnla sin ina bhac ar dhul chun cinn na Gaeilge?
    Ceist reitriciúil ar ndóigh.

    Freagra
  2. Ping: Cluichí pholatúla agus an Bhéal Cham « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s