Ní h-amháin buí ach aerach chomh maith, ní h-amháin aerach ach buí chomh maith!

 

Liam Bui agus a lucht leanúna á bheannú ag an bPápa Innocent XI roimh Chath na Bóinne i bpórtráid de chuid Pieter Van de Meulen

Liam Buí agus a lucht leanúna á bheannú ag an bPápa Innocent XI roimh Chath na Bóinne i bpórtráid de chuid Pieter Van de Meulen

Tá sé ráite ag Peter Tatchell, gníomhaí ar son phobal aerach na Breataine, go raibh Liam Buí ina homaghnéasach agus an fianaise ar sin na fir óga a thug sé ardú céime doibh gan aon bunús eile lena leitheid d’ardú céime ach go raibh siad ina cáirde leapan. 

]Fear mór conspóide é Tatchell ar ndóigh – agus is maith leis bheith á spreagadh.  Bhí sé ag labhairt i mBéal Feirste aréir agus é ag tabhairt léachta ag ocáid Amnesty International.    Dar leis an tUasal Tatchell fosta, tá aondachtaithe claonta go mór in éadan daoine aeracha agus go bhfuil an tuaisceart ar an ‘tír is biogóidí’ sa Riocht Aontaithe. 

Agus nuair a thugann tú chun cuimhne an méid a dúirt Iris Robinson, Cathaoirleach an Coiste Tionóil ar Chúrsaí Sláinte, faoi homaghnéasachas le déanaí, go raibh sé níos measa ná bheith ag tabhairt droch íde ghnéasach do pháistí ach go bhféadfaí é a ‘leigheas’, ni h-íonadh go bhfuil aird Tatchell dírithe ar aondachtaithe.  

Ní h-ionann sin agus a rá ná raibh naisiúnaigh claonta go biogóideach in éadan daoine aeracha.  Deir Brian Kennedy, an t-amhránaí clúiteach, go bhfuair sé droch am agus é ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste.  Tá tuiscint ann má bhí roinnt náisiúnach claonta go biogóideach in éadan daoine aeracha go raibh comhbhá ag cuid eile acu leo de bharr gur thuig siad go raibh siad araon faoi chois.   

Ar ndóigh, ní ró shásta atá aondachtaithe faoin méid a bhí le rá ag Tatchell.  Nó is laoch mór dá gcuid é. Tá David McNarry, Feisire Comhthionóil de chuid an UUP,  a nocht a fhuath don Ghaeilge roimhe seo nuair a dúirt sé gur chuir sé tinneas boilg air an Ghaeilge a chloisint á labhairt ag Stormont, tar éis a rá ná raibh aon fháílt roimh Tatchell ó thuaidh agus ná raibh sa mhaíomh a rinne sé faoi Liam Buí ach iarracht aird a tharraingt air féin.

Ar ndóigh tá údar eile ag an Ord Oráisteach – is leas Ard Mhaistir den Ord é McNarry   – bheith ag ceilt iomlán an scéil faoi Liam Buí.   Fuair an Prionsa ón Isiltír iasacht airgid ón bPápa chun cogadh a fhearadh ar son rí chathaoir na Breataine a ghnóthú do féin.  An údar le sin go raibh Liam i bhfiacha an oiread sin leis an Vatacáin nach bhféadfadh an Pápa ach tacú leis nó chaillfeadh sé gach a raibh tugtha aige do go dtí sin. 

Bhí – agus tá – náire ar Oráistigh faoi seo ar feadh na mblianta agus chuir siad i bhfolach i Stormont portráid clúiteach den ocáid nuair a fuair Liam Buí beannú ón bPápa.    Tháinig an pórtráíd chun solais le déanaí agus tá sé mar dhluth chuid de thaispeantas a bhí i mBéal Feirste anuraidh.

Smaoineamh amháin a ritheann liom go bhfuil sé maith go leor don Irish Times nuair a deir leithéidí Peter Tatchell go gcreideann sé go bhfuil aondachtaithe claonta go biogóideach in éadan daoine aeracha.  Tabharfaidh nuachtán an taifid agus na meáin Bhéarla ardán dá leitheid.   Tá sé ‘ceart go polatúil’.  Ach má deir Gaeilgeoir go bhfuil aondachtaithe, polaiteoirí aondachtacha go h-áirithe,  claonta go biogóideach in éadan na Gaeilge, an dtabharfaidh siad ardán dá leitheid.  Beag an baol.   Thug an Irish Times go leor deiseanna do Kevin Myers ionsaithe mallaithe agus biogóideacha a dhéanamh in éadan na Gaeilge.

2 thuairim ar “Ní h-amháin buí ach aerach chomh maith, ní h-amháin aerach ach buí chomh maith!

  1. séamus Mac Seáin

    sílim go ndearna Tatchell dochar dá chúis féin agus é ag maíomh hómógnéasachas le Liam buí na Bóinne ar fhianaise chomh leibideach sin.Nach cuma cé acu bhí sé hómógnéasach nó nach raibh.Níor cheart do Iris Robinson tarcaisne agus droch mheas a tharraingt ar dhuine ar bith is cuma cé hiad agus sin an teachtaireacht a ba cheart a cur i niúl seachas a bheith ag cur líomhaintí áifeasacha chun tosaigh nach mbaineann le habhar

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh tá sin ciallmhar – ach tá tú ag caint ar pholaiteoirí agus ar ghníomhaithe. Bionn siad i gcónaí ag iarraidh aird a mhealladh. Is cinnte gur seift poibliochta é seo ag Tatchell – agus ag Amnesty – ach, anuas ar sin, cá bhfios ach go raibh poibliocht á lorg ag Iris freisin? Conspóid thar a bheith oiriúnach le h-aghaidh séasúr na seafóide.

    Tá fáílte romhat i gcónaí anseo, a Shéamuis. Ach anois nuair atá blag ag Eoghan – andrumamor.nireblog.com – agus agamsa, cá fhad go dtí go mbeidh do bhlag féin agat! Ar ndoigh ní féidir blag a bheith ag gach Gael nó an toradh ar sin go mbeidh gach aoinne ag labhairt leo féin! Beir bua agus beannacht!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s