Geonaíl Uí Ghealbháin

Pól Ó Gealbháin agus John Toal (Ard Mhacha)Tá sé ag cur fearthainne go trom taobh amuigh agus táim ag eirí dubh dóite agus tinn tuirseach den Samhradh seo.  Ach má tá an aimsir ag cur as dom, ní tada é nuair a thugaim chun cuimhne an ‘bete noir’ eile an Samhradh seo. 

Is é sin cás Phóil Uí Ghealbháin, captaen Chiarraí, an fear a leag an leabhar nótaí as láimh an reiteora, Paddy Russell, agus an dara carta buí á thabhairt do i gcluiche craoibhe Chiarraí in éadan an Chláir.    Chonaic an saol mhór é á dhéanamh agus níl tasg nó tuairisc  ar aon bheach nó aon fheithid eile a bheith le feiceáil ar an leabhar céanna a thugadh leithscéal don Ghealbhánach as a bheart míchríonna.  

Níl aithne agam ar an Ghealbhánach ach amháin go n-aithním é mar sár pheileadóir ar sár fhoireann peile. Is mór an trua gur rinne sé an rud a rinne mar go gciallaíonn sin go bhfuil sé as an áireamh don chuid eile den chraobh nó an fhaid atá Ciarraí fágtha ann, cé acu is sia.

Ach tá an feachtas geonaíola atá á fhearadh ar son an sar pheileadora seo ag cur as dom.  Níl lá a ghabhann thart nach mbionn Ciarraíoch eigean – Ger O’Keeffe, Seán Kelly, Dara O Cinneide, Breandán Mac Gearailt, ag caoineadh uiscí a gcinn faoi dheoraíocht Uí Ghealbháin ar an dtaobh líne. Glacaim leis go bhfuil an ceann teideal ar an bpiosa seo mí chruínn sa mhéid is go bhfuil sé á dhéanamh ar a shon ag daoine eile sna meáin.  Ach tá sé agus Bórd Chontae Chiarraí ag cur fáid leis trén bproiseas achomharc atá ar bun acu trí chóras coistí CLG – nó naoi gciorcal ifrinn más maith leat. 

Tá cuid den locht ar an CLG freisin.  Ba cheart doibh seasamh leis an gcinneadh nó é a chur ar leataobh.  Nior cheart don eagras seo ligint don scéal seo bheith ag tarraingt airde ón gcraobh chomórtas i mbliana, craobh chomórtas ina bhfuil cluichí den scoth á imirt ann, sa pheil agus san iomáin [ag Corcaigh agus foirne eile!]

Má eiríonn le Ciarraí in éadan Múineacháin an deireadh seachtaine seo chughainn sa tríú babhta den chomórtas cáilithe, beidh siad sa bhabhta ceathrú ceannais in éadan ceann de na curaithe cúige, seachas curaithe na Mumhan [Corcaigh].   I mblianta roimhe seo, d’eirigh leo an Triú Domhnach i Meán Fómhair a shroisint agus iad fós sa chomórtas, gí gur tháinig siad an bealach fada.

Tarlaionn rudaí den tsort seo d’fhoirne.  Tharla sé do Chorcaigh san iomáint an tseachtain seo chaite nuair a cuireadh Dónal Og Cusack den pháirc roimh leath ama in éadan na Gaillimhe. Ba spreagadh an carta dhearg sin don fhoireann agus sharaigh siad Gaillimh, a bhí i bhfad chun tosaigh, agus ina dhiaidh sin an Chláir.  Anois tá an fhoireann sin, lán de sean fhondúirí agus gaiscigh óga, le h-aghaidh a thabhairt ar Chill Chainnigh sa bhabhta leath cheannais.  Má eiríonn leo an uair sin,  miorúilt a bheidh ann.  Ach tá siad dóchasach agus ag obair ina threo. 

Nuair a théann an cluiche id choinnibh, is é sin an am léiríonn tú caractéir.  Thóg mise an cheist seo roimhe faoi Chiarraí – dar liom ní raibh an cnamh droma acu a bhí de dhith le go mbeadh an fhoireann seo ar aon chéim le sar fhoirne Chiarraí ós na 70aí agus na 80aí. D’athraigh mé mo dhearcadh tar éis doibh teacht aniar in éadan Múineacháin anuraidh agus an slad a rinne siad ar Chorcaigh sa chluiche ceannais.  Anois táím tar éis teacht ar mhalairt inchinne arís.  Cnámh droma bréagach gan substaint atá ag an bhfoireann seo faoi lathair, i gcead do na peileadóirí breatha atá ag imirt uirthi. 

Ba cheart don CLG riail a dhéanamh go luath a chuirfeadh ó dhoras lucht achomhairce.  Is é an riail sin go mbeadh an cead ag an gcoiste smachta, cuma é an DRA nó cibé, a rialú má cheapann siad gur cás gan brí atá á dtabhairt os a gcomhair go rithfidh an tréimhse fionraíochta ón lá a dheineann siad an rialachán deireannach.  Sé sin le rá, gearrfar pionós bréise orthu san a dheineann achomhairc gan brí. 

Agus idir an dhá linn, ba mhaith an rud é dá gcuimhneodh Foinse, nuachtán náisiúnta na Gaeilge [mar dhea], nach ionann sin agus riocht Chiarrai!   Tá gá le léargas ceart náisiúnta ar an bpeil Gaelach seachas léargas a thosnaíonn agus a chriochnaíonn le Ciarraí agus conas mar a eireoidh leo nó conas mar ar chlis siad in éadan Chorcaí.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s