Leitheoir Ghaeilge de dhíth

 

An Leitheoir Leictreónach ó Sony - slanaitheoir na foilsitheoireachta Ghaeilge?

An Leitheoir Leictreónach ó Sony - slanaitheoir na foilsitheoireachta Ghaeilge?

Is brea liomsa gléasanna nua.  Tá mé féistithe le riomhairí soghluaiste agus ar mo bhínse, tá cúpla clódóir agam le feidhm choipeála agus eile, tá ipod agam agus fís cheamra digiteach, tá fón soghluaiste agam – cé nach bhfuil ‘Tocco’ agam….go fóíll ar aon nós.  Tá sé i bhfad ró chostasach – €369 – agus táimse le Meteor agus ghearrfaí pionós orm athrú go Vodafone, an t-aon chomhlacht atá ag cur an Tocco ar thairiscint is cosúil.    B’fheir nuair a bheidh fón ar leith á fháil agam don obair go bhféadfaí féachaint arís ar an gceist.  [Tuigim ó Aonghus go bhfuil Tocco aige agus go bhfuil sé an sasta leis]

Ach seo gléas a chreidim a fhéadfadh bheith ar leas fhoilsitheoireacht na Gaeilge.  An leitheoir nua ó Sony, is féidir leat suas le 160 leabhar a storáil ar an ngléas leictreonach seo.  Má tá do radharc ag cur as duit, bhuel, beidh tú ábalta an téacs a mhéadú fá thrí leis an leitheoireacht a éascú.  Ní gá go gcaillfea d’áit i leabhar riamh agus ar ndóigh beidh a fhios agat cá bhfuil an leabhar nuair atá sé de dhíth ort.  Beidh a leitheid de ghléas i ngach leithreas i mo theach nua, nuair a bheidh sé tógtha, táim ag rá leat!

Seo an rud atáimse ag smaoineamh air.  Cén fath nach dtosnófaí ag dáileadh leabhair Ghaeilge ar a leitheid de chóras?  Nil aon chúis.  Níl a fhios agam an mbeidh an sean dream sásta gan bacaint le na leabhair sean fhaiseanta clóite ach creidim féin go bhfuil todhchaí sa ghléas seo d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge.   Ní bheidh costas uafásach anois ar leabhair a phriontáil agus a dháileadh.  Beidh siad ar fáil i bhfoirm clóite nó i bhfoirm leictreonach ón tús.  B’fheidir amach sa lá go ndíreofaí ar an leagan leictreonach amháin.  Ach ag an tús, bheadh an leagan leictreonach ann agus ba cheart go mbeadh leabhair clasaiceacha na Gaeilge ar fáil ann anuas ar leabhair ó údair óga, údair nua, atá ag iarraidh tosnú amach sa mhargadh seo gan morán costas a chur orthu féin. 

Nílim ag rá go dtarlódh an athrú seo láithreach – ba cheart go mbeimís ag tabhairt faoi go céimiúil.  Ach ba cheart go mbeadh leabhair Ghaeilge ar fáil ar an gcóras seo ón tús agus má tá aon duine ó Fhoras na Gaeilge, atá Bórd na Leabhar Gaeilge faoina choimirce anois, ag léamh seo, mholfainn go bhféachaidís chuige go mbeadh togha agus rogha na leabhair Ghaeilge ar fáil le h-íoslódáil ón gcéad lá a thagann an leitheoir nua seo ar an margadh.

Aon tuairim amháin ar “Leitheoir Ghaeilge de dhíth

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s