Ag lorg méir an mhileáin ag TG4

Scéal a chuala le déanaí a chur iontas orm go bhfuil córas nua slándála i réim ag ceann cheathrú TG4.

De réir m’fhoinse, tá córas ann nach ligfidh duine isteach ach go gcuireann sé méar le painéal leictreonach agus ansan go gcuardaíonn an riomhaire ar chúl an phainéil an bhunachar le féachaint an bhfuil cead ag an t-é leis an lorg méir sin dul isteach sa sanctum sanctorum. 

Ar ndóigh ciallaíonn sin nach mbionn Gaeilgeoirí neamh údaraithe ag fánaíocht thart an fhoirgnimh agus ag céasadh na réaltóga is na h-iriseoirí a bhionn ag obair ann. 

Agus níl sé ach céim nó dhó chun tosaigh ar an ghnath chóras slándála a bheadh i bhfeidhm ag craoltóir ar bith.  

Ní h-é go gceapaim go bhfuil a leitheid mí réasúnta – is amhlaidh go ritheann sé liom gur mór an trua go gcreideann TG4, craoltóir sheirbhís phoiblí, go bhfuil gá lena leitheid de chóras chun an pobal a choinneáil ó dhoras…..tá sé nios cosúla leis an slándáil a fheicfeá ag ceannaras Ionad Déanta Viris Marfacha Mheirceá ná craoltóir Ghaeilge. Nó an ionann an dá rud?

Cé tá siad ag iarraidh a choinneáil amach?

Tá mishuaimhneas amháin orm agus is é seo é.  Ní coirpeach mé agus mar sin de nior mhaith liom lorg mo mhéar a thabhairt do dhuine ar bith, ar chúinse ar bith.  Ní coirpigh iad foireann TG4 ach chomh beag ach tá bainistíocht an staisiúin ag caitheamh leo amhail is gurb ea.  Nó ní bhionn ach ar choirpigh agus daoine go bhfuil amhras ina dtaobh lorg méir a thabhairt do na h-údaráis ag am ar bith.   Ar mhaithe le slándáíl ó choirpigh, tá ‘coirpigh’ á dhéanamh den bhfoireann.  

Is ait an mac an saol.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s