An é nach dtuigeann tú ‘Non’, a Niocláis?

Tá an práiseach ar fuaid na miasa arís ag lucht ‘Sea’ Liospóin tar éis an méid a bhí luaite le Nicholas Sarkozy inné. 

Dar le hUachtarán na Fraince [agus an Aontais Eorpaí i láthair na h-uaire] beidh ar phobal na hÉireann votáil arís ar Liospóin, luath nó mall.   

Ar ndóigh ní chuidíonn an dearcadh impiriúil seo le cúrsaí ar chorr ar bith de bharr gurb é an cineal sin impiriúlachta atá ag teacht idir pobal na hÉireann [agus aon phobal eile san Aontas a iarrtar orthu] agus mhaorláthas an Aontais. 

Dar le hAengus O Snodaigh, TD Shinn Féin agus príomh aoire an phairtí sa Dáil, is masla é seo do phobal na hÉireann. 

Nuair a thugtar chun cuimhne ná raibh aon cheist go mbeadh an dara vóta ag pobal na Fraince ar an mBunreacht Eorpach, nach bhfuil ró dhifriúil ar chorr ar bith ó Chonradh Liospóin, léiríonn ráitis Sarkozy nach ro chuiditheach ar chorr ar bith a bheidh a chuairt anseo, lena bhean cheile Carla, ar leas Chonradh Liospóin.  

An t-aon rud a théann i gcoinnibh seo go bhfuil aird an phobail anois ar a bpócaí agus a gcúntais bainc agus ar luach a gcuid teach, de bharr imeacht go tóin phoil an gheilleagair.   B’fheidir nach mór againn ar chorr ar bith ceisteanna faoi chumhachtaí agus faoi fhlaitheas is eile. 

Ach má tá Sarkozy leis an bpraiseach a chur ar ais sa mhias, beidh ar focail níos mílse a úsáid agus dearcadh níos tuisceanaí a léiriú.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s