Léargas ar an am atá le teacht

 

Cultúrlann McAdam O Fiaich -mar a bheidh s� de reir f�se na h-ailtire, Ciaran Mackel, agus an choiste.

Cultúrlann McAdam O Fiaich -mar a bheidh sí de reir físe na h-ailtire, Ciaran Mackel, agus an choiste.An léiriú seo ar an athrú saoil is dearcaidh atá ann faoin saol ó thuaidh?

San Irish Times ar maidin, tá an Irishman’s Diary ag tabhairt léargais dúinn ar shaol agus ar shaothar an Ghaeilgeora chlúitigh ó Bhéal Feirste, Robert Shipbuoy McAdam.

Tá aithne againn ar an Ciúin McAdaim de bharr Cultúrlann McAdam  O Fiaich, institiúid atá ag cur na Gaeilge chun cinn go ceannródach i mBéal Feirste le beagnach scór bliain anois.  

Nuair a d’iarr bunaitheoirí na Cultúrlainne, Gearóid O Cairealláin agus Séamus Mac Seáin, cabhair ó eagras a cheap an Rialtas chun an teanga a chur chun tosaigh ar bhonn trasphobalach ag tús a ré, dúradh leo nach mbeadh aon chabhair ag teacht de bharr gur ‘eilifint bhán’ a bhí ann. 

Mas eilifínt bhán a bhí ann, agus b’fheidir nach féidir locht a chur ar an t-é a dúirt sin de bharr go raibh sé ina shuí i lár seomra ollmhór a bhí lán go barra le brat úrláir [bhíodh úsáid á bhaint as an gCultúrlann mar siopa díolta bhrát urláir sara deineadh cultúrlann de!],  bhí fís éagsúil ag an mbeirt seo agus ag a gcáirde. 

Anois is é an Cultúrlann an ionad Ghaeilge is aitheanta ar an oileán agus cuireann sé an Ghaeilge chun cinn ní h-amháin ar bhonn tras phobalach i mBéal Feirste ach go h-idirnáisiúnta. 

Tá forbairt nach beag déanta ar an bhfoirgneamh, a bhíodh trath ina Eaglais Phreisbitéireach, ag an gCoiste agus go luath tá tús le cur le forbairtí úra arís a chinnteoidh todhchaí na Cúlturlainne. 

Tá moladh ar leith ag dul do Stiurthóir na Cultúrlainne, Eimear Nic Mathúna, agus a foireann gan amhras.  Cinntíonn siad go mbionn an áis ar fáíl don phobal nach mór gach lá den bhliain ó luath ar maidin go mall istoiche.

Nuair atá plean straitéiseach á chumadh don Ghaeilge ag airí rialtais is eile, ní gá doibh nios faide ná an Chultúrlann agus a mhacasamhail a bhunú nó a mhaoiniú i ngach baile mór is beag sa tír chun an teanga a thabhairt slán agus bríomhar don chéad ghlúin eile.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s