Féin phoiblíocht aisteach an Irish Times

 

Cén cineál leitheoir atá á lorg ag an Irish Times na laethannta seo?

Cén cineál leitheoir atá á lorg ag an Irish Times na laethannta seo?

Thug mé an fógra san Irish Times ar an Satharn faoi ndeara agus caithfidh mé a rá gur bhain sé siar asam. 

I bhfianaise na scannail atá sna nuachtáin le déanaí faoi aturnaethe ag tabhairt na cosa leo le h-airgead na mbanc is a gcuid cliant, cheapfá gurb é seo an dream is lú a chuirfeadh le dea-íomhá nuachtán ar nós an Irish Times. 

An é an teachtaireacht atá á chraobhscaoileadh leis an bhfógra seo go bhfuil sé maith go leor na cosa a thabhairt leat thar lear, agus é le léamh idir na línte go bhfuil scaird airgid i do sheilbh, agus beidh tú fós ábalta do rogha nuachtán a léamh, a bhuí den suíomh nua an Irish Times.  Is cinnte go léann cuid mhór dlíodóirí an Irish Times – agus corr cheann ina measc sin, tá siad cam, gan amhras.  Ach cad a bhí ar chúl an aigne ag an Irish Times agus ag comhlacht phoiblíochta an nuachtáin agus iad ag cumadh agus ag foilsiú an fhógra seo. 

B’fheidir go bhfuilim ró chruaigh ar an Irish Times.  Ach sin í an cheist agus an sruth smaointe a rith liom agus mé ag tabhairt an fógra seo faoi ndeara.   Cad é bhúr meas ar an bhfógra?

Aon tuairim amháin ar “Féin phoiblíocht aisteach an Irish Times

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s