Deireadh seachtaine i Sráid an Cheoil agus na Féile

 

Scoil Samhraidh Willie Clancy

Scoil Samhraidh Willie Clancy

Blianta fada ó shin a rabhas go deireannach i Sraid na Cáthrach i gContae an Chláir le h-aghaidh Scoil Samhraidh Willie Clancy.   Bionn Cór Chúil Aodha ann gach bliain – is dócha go rabhamar ann gach bliain ó bunaíodh an Scoil Samhraidh mar chuimhneachán ar phiobaire groí an bhaile sin i 1973.

Tá roinnt athruithe ann ó bhí mé ann go deireannach.  Ach níl aon athrú ar rud amháin – agus is é sin an fháilte chroíúil a chuireann muintir na scoile, leithéidí Muiris  O Rócháin, Eamon McGiveney agus a cáirde romhainn gach bliain. 

B’amhlaidh a bhí sé i mbliana.  Is iomaí áit a chuaigh mé agus mé im bhall den Chóir – ach caitear leat i Sráid na Cathrach mar VIP!  D’fhéadfá dul i dtaithí air, táim ag rá leat. 

De ghnath ní théann an Cóir ach don oíche Satharn amháin. Cantar cúpla amhrán agus Mo Ghile Mear chun deireadh a chur leis an oíche ag an gCoirm Cheol Mór i Halla an Phobail.  Agus ansan an maidin dar gcionn, cantar an t-Aifreann sa Seipéal.  

Bhíodh sé i gconaí deacair bheith inár lán mhúscailt don aifreann seo.  Bhíodh sé ag 9.30rn agus tá sin an luath do dhaoine nár chuaigh a chodladh ach cúpla uair a chloig roimhe!  

I mbliana bhí mé breá stuama agus chuaigh mé a chodladh timpeall 2rn.  Agus bhí mé i mo dhúiseacht go brea luath agus in am don bhricfeasta san ostán, an Central Hotel, ostán nach bhfuair aon chuid den airgead ó leitheidí an BES ach atá foireann croiúil cinealta ann a thugann an aire do na h-aoíanna. 

Bhí oíche amhráin sa Seomra Glas, seomra na n-oirfideach, tar éis na coirme agus bhí go leor ag canadh ann  – leitheidí Danny Maidhcí O Suilleabháin, Len Graham agus Mary Stewart. 

Chas mé ann le Frank McNally, scríobhnóir an Irishman’s Diary ón Irish Times, agus a bhean céile.   Roinnt mhaith blian ó shin chas mé leo ag ocáid – bhíodar le posadh go luath agus luadh sa chomhrá go raibh an dúil acu i gCóir Chúil Aodha.  D’iarradh orm an mbeadh speis ag an Cóir ceol ag Aifreann an Phósadh.  Agus bhíos abalta cúpla glaoch guthán a dhéanamh agus socraíodh cúrsaí dá réir agus bhí an Cóir ag pósadh na lannúna, áit eigean i dTiobrad Arainn. 

Ar aon nós, níor chasamar ó shin agus oíche Shatharn ghabh siad buiochas as an ngar beag sin. Agus bhí comhrá breá againn faoi na h-athruithe a tharla i Sraid na Cathrach agus fán dtuath in Éirinn i gcaitheamh na mblianta. 

Duradh linn go raibh scaird teach tabhairne i Sraid na Cathrach, sraidbhaile ina raibh breis is dhá scór teach tabhairne roimhe, le linn dom bheith ag teacht i mblath m’óige.  Anois b’fheidir go bhfuil scór ann.  Tithe tabhairne a thaithínn, leithéidí Fahey’s agus Queally’s ar Bhóthar na hInse, tá siad dúnta.   Fiú, tá Tigh Tabhairne Ollie Conway i Mullach, áit a raibh seisiúin clúiteacha ann trath, tá sin imithe.  Nach aisteach an comhtharlúint gur dhún na tithe tabhairne seo ar fad agus mise ar dheoraíocht ó Shráid na Cathrach! 

Maidin lár na bháireach, mar a dúirt mé, bhíos múscailte go luath, na nuachtáin léite agam agus mo bhricfeasta ite agam i bhfad roimh aifreann.  Canadh an t-Aifreann agus bhí go maith agus ní raibh go h-olc.  Dúradh linn go raibh an ceol go binn – agus, i gcead dom, bhí.   Bhí slua maith i láthair ón Chóir agus ceoltóirí in ár dteannta.  Uaireannta mar sin, tuigim ar an dtabhacht atá le traidisiúin ar nós Cór Chúil Aodha.

Ar aon nós, tar éis aifrinn chuamar chuig Teach Mhuiris Uí Rócháin, an Chiarraíoch breá sin agus cuireadh bricfeasta eile romhainn. Agus dá luaithe an bricfeasta brea sin, an dara ceann, ite againn bhí gloine fuiscí againn inár láimh agus bhí tamall againn i gcomhluadar cáirde ansin. 

Ansan an bóthar ó dheas go dtí an Carrchaladh treasna na Sionainne, Cill Airne agus piúnt suaimhneach Gaelach i dtigh tabhairne Jimmy O’Brien agus abhaile chun faire ar an gcluiche idir An Clár agus Tiobrad Arainn. 

Ach tá cuimhní cinn agam ar an deireadh seachtaine go fóill agus dhá fheirín tugtha liom ón bhfeile – dluth cheirníní ó choirmeacha ceoil atá éisithe ag RTÉ RnaG agus Oidhreacht an Chláir.  Is fiú go mór iad a fháil.  

Go dtí an bhliain seo chughainn….

Aon tuairim amháin ar “Deireadh seachtaine i Sráid an Cheoil agus na Féile

  1. crosbhealaí

    Bhi an-time go deo agat i Sraid na Cathrach, is léir, a Chonchubhair!! Is fear an-deas é Muiris O Rócháin cinnte. Ni raibh sé de shonas agm freastal ar Scoil Samhraidh Willie Clancy riamh, ach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé.
    Abair “hello” le Peadar O Riada agus lucht Chór Chúil Aodha-cheol siad go draíochtúil dúinn ar oileán I Chaluim Chille (Iona) agus i mBaile Átha Cliath anuraidh. Tá oidhreacht ceoil Ghaeltacht Mhuscraí slán sábháilte i láimhe an chóir úd!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s