Is féidir an dhá mheán a fhreastal

Stiofán Ó Cualáin, buaiteoir an Choirn i nDoire i 2006Ní thuigim go fóill an raic seo atá tarraingthe ag RTÉ Raidio na Gaeltachta faoi Chorn Uí Riada.  Is cosúil nach mbeidh an chomórtas a rinne siad urraíocht air ar feadh na mblianta fada á chraoladh beo acu i mbliana de bharr nach bhfuil siad sásta leis an socrú atá ann an chomórtas a chraoladh beo ar TG4 ag an am chéanna.

Ní thuigim cén fath nach féidir Corn Uí Riada a chraoladh ar an raidió agus ar an dteilifís.   

Is cinnte, áfach, go raibh sé saonta ag an OIreachtas a cheapadh go leanfadh urraíocht RTÉ RnaG ar an gCorn fiú is ná raibh cead acu an chomórtas a chraoladh beo. 

Ach is fánach an gearán ó lucht an Raidio nach féidir leo an ocáíd a chraoladh de bharr nach mbeadh ‘smacht’ acu ar mhaoirseacht stáitse agus eile. 

Agus TG4 ar an aer ó bhí 1996 ann, tá príomh chomórtas chultúrtha na Gaeilge ró fhada gan craoladh beo ar an dteilifís.   Creidim féin gur cheart go mbeadh seó leanúnach ag an Oireachtas ar feadh 8 nó 10 uair a chloig gach lá chun na comórtais ar fad a thuairisciú.   Ar ndóigh, creidim gur cheart go mbeadh an tOireachtas á thuairisciú ar gach meán is féidir – raidió, teilifís, ar líne, sna nuachtáin.  Agus mé i Lá Nua, rinne mé iarracht speisialta gach bliain an tOireachtas a thuairisiciú go cuimsitheach agus d’eirigh liom sin a dhéanamh agus a stiuradh.  I mbliana beidh mé ann arís agus beidh tuairisciú beo  ar bun ag iGaeilge agus iMúscraí ón láthair i rith an ama.

Ritheann sé liom nár thuig RnaG go raibh siad in iomaíocht le TG4 le h-aghaidh na cearta craoltóíreachta seo nó, má rith, gur bhuail siad bob ar an staisiún raidio.   Más amhlaidh atá, ní fiú é.   

Ach is léir go bhfuil ceisteanna le freagairt ar gach taobh……   An rud is measa a fhéadfadh tarlú go bhfagfaí dream amháin amuigh sa bhfuacht, dream a thug seirbhís don Oireachtas go dílis i gcaitheamh na mblianta. Ag an am chéanna, ní doigh liom go bhfuil gá le ‘smacht iomlán eagarthóireachta’ chun an ocáíd a chraoladh nó ní amhlaidh an scéal le gach rud a chraoltar ar RnaG.  Ní bhionn ‘smacht iomlán eagarthóireachta’ acu ar ocáidí ar nós Cluichí Ceannais na hÉireann agus craoltar go fóill ar an raidio iad.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s