Bréag mór na hUltaise nochtaithe

De réir na scéala seo ar shuíomh an BBC, is cosúil go bhfuil fadhbanna ollmhóra ann faoin Acadamh Albainis Uladh a bhí le bunú mar chúiteamh d’Aondachtaithe, is cosúil, ar Chiste Craoltóireachta na Gaeilge.   Gealladh £15m don Acadamh seo i 2005 – ach go fóíll beag níl aon dul chun cinn déanta agus anois tá foireann nua comhairleoirí fostaithe chun ‘athnuachan a dhéanamh ar an gcás gnó’.

Is minic go mbionn lucht an DUP agus an UUP ag gearán gur cheart go mbeadh cothromaíocht caiteachais, £1 ar £1, idir an t-airgead a chaitear ar an Albainis Uladh agus ar an nGaeilge.  Is minic a chloistear leitheidí Gregory Campbell agus an Tiarna Laird ag gearán faoin ‘easpa cothromaíochta’ seo. 

Ar ndóigh, níl ann ach iarracht gach maoiniú a bhaint ó lucht na Gaeilge. Chonaiceamar cad a tharla don Chiste Craoltóireachta faoi Edwin Poots.  Ach amháin an fheachtas a reachtáil Lá Nua, le linn dom bheith im eagarthóir, ní bheadh Gerry Adams ó Sinn Féin tar éis idirghabhail a dhéanamh a thug ar Gordon Brown an t-airgead breise, £6m thar dhá bhliain, a gheallúint.

Agus leanfar le na h-iarrachtaí seo an ‘cothromaíocht’ seo, an cothromaíocht bréige, a chinntiú mar tá sciar den buanaíocht pholatúil agus an buanaíocht sa stat chóras a chreideann gur focal amháin nach féidir aq a scarúint é ‘IrishandUlsterScots’ . 

Tá deacrachtaí ag lucht Albainis Uladh le cúrsaí gramadaí is eile.  Agus ba cheart cuidiú leo iad seo a réiteach.   Ní h-ionann sin a rá agus aontú gur cheart ligint don DUP cineal acadamh chultúrtha bréagach a chur in áit na h-institiúide teanga seo. 

Idir an dhá linn, ba cheart an £15m a gealladh don Acadamh Albainis Uladh a dhíriú i dtreo tograí teanga níos tairbhí do theangacha ó thuaidh, an Ghaeilge san áireamh.  An raibh an £15m san áireamh sna meastúcháin ó 2005 ar aghaidh agus ar tugadh an t-airgead seo ar ais don statchiste de bharr nár caitheadh é ag an am céanna ar maiodh ná raibh a dhothain airgid ann don chiste  craoltóíreachta?

Aon tuairim amháin ar “Bréag mór na hUltaise nochtaithe

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s