Sin an teachtaireacht atá le léamh ón dheataigh atá ag eirí os cionn tithe an Rialtais ar maidin. I gceann tamaillín, thart ar 3.15in inniu, beidh preas ocáid ann ag a fhógróidh an Taoiseach agus iar Aire Airgeadais, Brian O Cómhain, agus an tAire Airgeadais, Brian O Luineacháin, na giorruithe atá le déanamh.
Tabharfar ‘coigiltis’ air nó cumfar focal nua chun é a mhíniú ach sin a bheidh ann. Agus cé a fhulaingeoidh?
Na h-othair? Na daltaí? Is dócha é.
Na h-airí rialtais, na stat seirbhísigh sinsearacha? Ar eigean é!
Agus cá bhfagfaidh seo an plean chun an Ghaeltacht a tharrtháíl nó an plean 20 bliain don Ghaeilge?
I lár srutháin an chaca gan céasla, creidim!
Deireadh le carranna rialtais is loingeas seanrothar a fháil?
Deireadh le tuarastail is costaisí TíDithe is Sean Ad óirí agus iad i muinín a gcuid breabanna amháin?
Nó na gnáthdaoine a bheith thíos?