Smaoineamh nár tháinig roimh a am

Is cosúil gur tugadh cluas don mhéid a bhí á rá agam le fada – de reir phríomh scéal Foinse ag an deireadh seachtaine, tá plé phaipéar ullmhuithe ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le h-aghaidh an Choiste Oireachtais dá Roinn ar na dréacht rialacháin faoi fhograíocht phoiblí. 

Ar na moltaí sa phlé phaipéar sin tá moladh ann go dtabharfaí cead don roinn fógraíocht i nGaeilge amháin a chur sna meáin Ghaeilge.  

Má chiallaíonn sin nach mbeidh, mar a bhí Dé hAoine seo chaite, fograí ollmhóra, Béarla agus Gaeilge, ar Leathnach 3 den Irish Times le h-aghaidh cúntais diomhaoine ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, lá maith a bheidh ann don stat chiste agus don Ghaeilge.   [Ní foláír ach gur chosain an fógra sin san Irish Times Dé hAoine €20,000 – má tá bealach ag teastáil ón Aire chun airgead na gcúntas diomhaoine a chaitheamh, is féidir a rá go bhfuil sé aimsithe aige!]

De réir Foinse, deir an plé phaipéar seo go bhfuil isteach is €5m in aghaidh na bliana á chaitheamh ag na ranna stait ar fhógraí phoiblí sna meáín.  Tá tuairim is luach €4m ar fhograí i mBéarla amháin sna meáín Bhéarla, tuairim is €600,000 ar fhógraí dhá theangacha sna meáin Bhéarla agus isteach is amach le €400,000 ar fhógraí Ghaeilge amháin.  Níl sé soiléir cá bhfuil an t-airgead seo á chaitheamh – sna meáín Bhéarla amháin nó sna meáin Béarla agus Gaeilge. 

Díreach mar eolas – faigheann Lá agus Foinse deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge nach mó ná €600,000 san iomlán.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s