Corcaigh abú – aiseirí i bPáirc Uí Chaoimh

Caithréim na gCeannairceach - Michael Cussen agus Pearse O Neill

Caithréim na gCeannairceach - Michael Cussen agus Pearse O Neill

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Léirigh Corcaigh spioraid dúchasach Chontae na Ceannairce lena dtaispeantas croiúil sa dara leath ar bhruacha na Laoi inniu. 

Bhíodar ocht gcuilín ar chúl, gan ach trí phointe acu ar chlár na scóranna ag leath am, bhí an aimsir ina dhíle, bhí Ciarraí in ard a réime agus ag sodar.  

Agus go tobann, d’athraigh gach rud.  Michael Cussen an fear ionad an príomh thionscnóir sa réabhlóid seo ach ba léir freisin go raibh an spiorad dúchasach Chorcaíoch aimsithe arís ag foireann ná raibh cuma nó caoi orthu sa chéad leath. 

Croí Chorcaí – is deacair é sin a sharú.  D’imigh fir groí lar páirce Chiarraí as radharc – ach is docha go bhféadfaí rá gur deineadh éagóir ar Dharragh  O Sé nuair a bronnadh an dara carta buí air as sonc gan mhailís sa dhroim a thabhairt do Ger Spillane.   Roimhe ar an dtaobh líne bhí Marc O Sé a fuair a charta dearg as ucht gualainn nó uilin a thabhairt do Chorcaíoch eile san aghaidh.  Deacair a rá an raibh sin mailíseach – ach is cinnte go raibh sé pianmhar.  

Ba chuma ann nó as mhuintir Uí Shé – ní raibh aon freagra ag Ciarraí ar an gcroí a léirigh Corcaigh nó an scil is an neart.  Bua chúig phointe a bhí ag Corcaigh sa deireadh.     

Duine mise a chonaic an tóin ag titim as Corcaigh go ró mhinic roimhe.  Anuraidh i bPáirc an Chrócaigh mar shampla – agus an bliain roimhe le cois!

Ní raibh mé cois Laoi an uair seo – cúramaí teaghlaigh agus beidh mé i gCorcaigh anocht ag tabhairt cuairte ar m’athair, atá ag feabhsú leis agus cuirfidh an bua seo leis an bhfeabhsú táim cinnte. 

Ach tá súil agam bheith i bPáirc an Chrócaigh nuair a bheidh Corcaigh sa cluiche ceathrú ceannais i gceann sé seachtain.   Agus i bPáirc Uí Chrócaigh arís ina dhiaidh sin, le cúnamh Dé.

Maith sibh Corcaigh.  Tá sibh tar éis an Samhradh a ghealú in ainneoin na doinine.   Tá sibh sa reicneáíl arís agus ní gá dibh bheith imníoch faoi Chiarraí – bí airdealach ina dtaobh ach ná léirigh an iomarca measa doibh.  Tá sibh níos fearr ná iad….

2 thuairim ar “Corcaigh abú – aiseirí i bPáirc Uí Chaoimh

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Tá na Corcaígh ag súil anois go gcriochnóidh foireann éigean ón dtuaisceart an jab – agus na Ciarraígh seo a chuir siar ó dheas ag imirt caide leo féin go ceann tamaill. Tá Tír Chonaill, Doire, Múineacháin, Tír Eoghain agus Dún ag fánacht ar Chiarraí go n-uige seo -nior mhaith liom casadh ar aon dream acu

    Má deineadh éagóir ar na Ciarraígh an lá theana le cartaí dearga is eile, ní raibh ann ach cúiteamh ar an líon mór uaireannta ar thug siad na cosa leo gan pionós ar bith as ucht a gcuid geaitsí ar an bpáirc.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s