Seo libh, canaíg Amhrán na bhFiann….

 

An Ghearmáin ag ceiliúradh ag Euro 2008 - leagan EA!

An Ghearmáin ag ceiliúradh ag Euro 2008 - leagan EA!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is fada an lá ó bhíodh mé ag imirt cluichí riomhaireachta – leitheidí Playstation is eile. [Gan amhras ní raibh an Playstation ann le mo linn!] 

Ach tá cúis agam anois an leagan is deanaí de Euro 2008, an leagan leictreonach den cluiche sacair, a cheannach. 

Nó de reir na scéala seo tá Amhrán na bhFiann á chanadh ag Foireann Thuaisceart Eireann agus iad ag imirt cluichí idirnáisiúnta fiorúla. 

Sa tuairisc, áfach, tugtar leid ar an dtodhchaí nuair a deirtear gurb é Amhrán na bhFiann an amhrán náisiún ag foireann idirnáisiúnta Éire Aontaithe.

Ní go fóill.   Ní go fóill.

[Ar ndóigh níor cheart dom gan a lua go bhfuair mé an t-eolas seo ag slugger anseo.]

Aon tuairim amháin ar “Seo libh, canaíg Amhrán na bhFiann….

  1. crosbhealai

    I 1991, ‘d’fhógair an Irish Times (Tuarascáil le Deaglan deBréadúin) comórtas chun liricí nua a chumadh d’Amhrán na bhFiann. Chuireas an iontráil seo isteach (an fonn céanna agus atá ag Amhran na bhFiann)
    AMHRÁN NA nGAEL
    “Sinne clann na nGael/ár mbaile anseo in Éirinn/ci-ne muid/a sheas na mílte bliain/Ainneoin gorta agus sléacht/ár spiorad riamh níor chlis orainn/Gan Rí ‘nois/Ach poblacht ar gcuid féin/In Eoraip nua na h-aontachta/’Measc pobail, naisiúin bródúil/ár gcultúr féin ag saibhriú an iomlán/Seo libh canaíg’ Amhrán na nGael”. Bhuaigh mé £50!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s