Cúntais an Fhorais faoin spotsholas

Faoi dheireadh thiar, is cosúil go bhfuil Ard Reachtaire na gCúntas tar éis an spotsholas a dhiriú ar Fhoras na Gaeilge agus an Bord Ultaise as ucht teip na hinstitiúide tras teorainn sin cúntais a fhoilsiú ó bhí 2003 ann.  

Go deimhin féin, tá sé ráite ag an Ard Reachtaire i dtuairisc a d’eisigh sé an tseachtain seo chaite go bhfuil ceisteanna faoin airgead a chaith an Fhoras siar chomh fada le 2000 nach bhfuil réitithe go fóíll. 

Agus deir an Ard Reachtaire, John Purcell, freisin gurb é an Fhoras Teanga an t-aon fhoras tras teorainn atá chomh fada sin ar chúl lena gcúntais.  Tá gach aon fhoras tras teorainn eile tar éis cúntais a chur ar fáil suas go deireadh 2006.  

Sa chúntas a d’eisigh an Ard Reachtaire, dúirt sé an méid seo faoi chúntais an Fhorais i 2000. 

A draft of the annual financial statements for the Irish Language Body for the period ended 31 December 2000 was only presented for audit in October 2002. The account was the subject of subsequent adjustments and a final version suitable for consolidation into the account of the North/South Language Body only emerged in mid-2004. 

Ghlac sé ceithre bliana orthu na cúntais sin a chur i láthair!   Tá sé níos dóchasaí faoi na cúntais le h-aghaidh 2004-6. 

The accounts of the Irish Agency and the Ulster-Scots Agency have to be consolidated for final audit and certification. The audit of the consolidated accounts for 2004 has been completed but the audit certificate cannot be issued until accounts approved by the board of the North/South Language Body are sent to the C&AGs. Substantial audit work has been completed on the 2005 and 2006 accounts of the Irish Language Agency and the Ulster-Scots Agency. However, the accounts of the Irish Language Agency need further adjustment before they are ready for consolidation. 

Tá cosaint déanta ag an bhForas ar a seasamh san eagrán is déanaí de Lá Nua – nach bhfuil an t-adh ar an bhForas go bhfuil siad fós ag maoiniú an nuachtáin sin nó ní bheadh a leitheid d’ardán acu chun a leithscéalta a chur i láthair an phobail.  Cad a dhéanfaidh an Fhoras má ghlanann siad Lá Nua ón margadh ag deireadh na bliana?

An rud ar cheart tarlú anois go mbeadh ar feidhmeannaigh an Fhorais – agus na h-iar Cathaoirligh – teacht os comhair cruinnithe de Choiste na gCúntas Poiblí san Oireachtas agus ceisteanna an phobail a fhreagairt faoina staid airgeadais.  Agus mura dtugtar freagra sásúil, bhuel ba cheart an cheist a chuir faoi bhráid na h-údaráis i bhfoirm dlithiúil.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s