In éide na Breataine agus in éadan na Breataine

Tá blathfhleasc Ard Mhéara Bhéal Feirste, Tom Hartley, fagtha ina h-aonar anseo ag an Ceineotaf sa chathair sin

Go traidisiúnta ag an am seo den bhliain deintear comóradh ar na saighdiúiri a maraíodh sa slad sin ar tharla i 1916 ar bhruacha An Somme sa Fhrainc.   Maraíodh na céadta míle saighdiúirí ó achan taobh, ina measc na mílte Éireannach, idir náisiúnaigh agus aondachtaithe. 

Go traidisiúnta freisin bionn caismirtí ó thuaidh faoin gcomóradh seo.  Riamh anall ní raibh naisiúnaithe sásta omós a thabhairt doibh san ar cailleadh sa chath sin, nó i gcathanna eile inar throid Éireannaigh go cróga in Arm na Breataine (agus i bhfórsaí thíortha eile) sna cogaí domhanda éagsúla.   De brí gur tharla Cath an Somme an bhliain céanna ar thárla an Eirí Amach a chuir na Briotanaigh faoi chois go brúidiúil, tá teannas ar leith ag baint leis. 

Ar ndóigh níor chuidigh Aondachtaithe leis an leamhshainn seo a réiteach.  Le h-imeacht na mblianta cheangail siad mairbh An Somme le dreamanna ar nós an UDR agus an RUC agus uile sa chiall is gurb ionann omós a thabhairt do mairbh an Somme agus mairbh gach dream eile a chaith éide na Breataine, fiú na Black and Tans is dócha. 

Ní nach íonadh mar sin nár thacaigh Éireannaigh lena leitheid sin de chomóradh.  Is fearr i bhfad an comóradh bliantúil a deintear ag an Oisbidéal Ríoga i gCill Mhaighneáin nuair a thugtar omós do na mairbh ar fad a throid ar son na hÉireann, bíodh sé in éide na Breataine nó in éadan na Breataine. 

Bhí clampar faoi seo i 2002 trath go raibh Alex Maskey ó Shinn Féin ina Ard Mhéara ar Bhéal Feirste.  An bhliain sin leag an Méara Maskey blathfhleasc labhrais ag an Ceineotaf i mBéal Feirste.  Bhí na hAondachtaithe ar buile mar gur dhearna sé seo go luath ar maidin, roimh a gcomóradh siúd, agus, le cois sin, nach blathfhleasc poipíní a bhí ann. 

Ard Mhéara Bhéal Feirste, Tom Hartley, ag leagadh blath fhleasc ar son na saighdiúir� ón dhá thraidisiún a mara�odh ag an Somme i 1916Tharla an rud céanna arís inné agus Tom Hartley, ball eile Shinn Féin, ina Ard Mhéara.  Is fear speisiúil é Tom Hartley atá gean faoi leith agam do.  Bhí sé i láthair ag Comóradh an Leigiúin Bhriotanaí in Éirinn, ag Islandbridge, roinnt blianta ó shin, trath ná raibh aon rath ar a leitheid de thinreamh do phoblachtánaigh mar é.  Ghlac sé páirt i gclár teilifíse in éineacht le David Ervine, ar dheis Dé go raibh sé, roinnt blian ó shin faoin Somme, nuair a thug an dhá pholaiteoir ón dhá thaobh cuairt ar láthair an áir. 

díospóireacht faoi lán seol faoi seo ar shuíomh  Slugger – agus is fiú strac fhéachaint a thabhairt do ar mhaithe le léargas a fháil ar an gcaidreamh idir phairtí ó thuaidh.   

Anseo tá scata griangrafanna ón BBC ar an ocáid comórtha – níl ann ach an pictiúr amháin thuas a thaispeanann an bhlathfhleasc labhrais.  Ach níl aon tagairt do chomóradh an Ard Mhéara Hartley. Léirionn na griangrafanna eile cén fath nach mbeadh naisiúnach páirteach sa chomóradh oifigiúil go fóill. 

Dímheas do na mairbh é, dar liomsa, an chomóradh a dheineann na hAondachtaithe nó léiríonn a ngeaitsíocht pholatúil go bhfuil rud eigean eile ar aigne acu seachas a ndíl chuimhne orthu a chur in iúl. 

 

 

11 de thuairimí ar “In éide na Breataine agus in éadan na Breataine

  1. Aonghus Dwane

    Bhíos féin i láthair ag dhá chomóradh i 2006.
    )1) Comóradh oifigiúil an Stáit ar Eiri Amach 1916 ar Shraid Uí Chonaill;- ag a raibh 120,000 i láthair. Bhí siombalachas iomlán an Stáit- an t-arm, an brat, an tUachtarán- le feiscint, mar is ceart.
    (2) comóradh 90 bliana Chath an tSomme in Islandbridge. Mar shaoránach Éireannach sa Phoblacht, ní raibh deacaireacht ar bith agam a bheith i láthair. Éireannaigh a bhí á chomóradh. Bhí brat trídhatach an Stáit ann go príomha, ach brat na Ríochta Aontaithe mar aon le brat Cheanada agus eile, á n-iompar ag na saighdiúirí chomh maith.
    Tá an scéal casta sa tuaisceart- tá sé mar chuid den Ríocht Aontaithe go dlíthiúil (é seo aitheanta ag an stát seo trí Chonradh Aoine an Chéasta), agus tá an ceart ag aontachtaithe mar shaoránaigh a siombalachas féin a thaispeáint, agus comóradh a bheith acu. Agus tá brat na Ríochta Aontaithe mar bhrat an Stáit ann. An ceart an ceart seo a shéanadh dóibh? Ni dóigh liom é. Ag an am céanna, is sochaí scoilte atá ann, agus tá an ceart ag naisiúnaithe a gcultúr a léiriú fosta. Caithfear léiriú ionannais a dhéanamh ar bhealach macánta, omósach, ciallmhar ar an dá thaobh. Munar féidir teacht ar chomhréiteach eatarthu (an réiteach ab fhearr ar fad), seans gur fiú dhá chomóradh éagsúla a reachtáil ar an Cogadh Mór thuas ansan. D’fhéadfaí áit phríomhiúil a thabhairt do bhrat na Ríochta Aontaithe ag comóradh stáit, agus ait tánaisteach a thabhairt don bhrat trídhatach, b’fhéidir. Tig leis an dá phobal a gcuid comóradh féin a bheith acu chomh maith.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim gur eirigh le Tom Hartley é sin a dhéanamh i mBéal Feirste -agus ní raibh brát ar bith ar foluain. Sílim go bhfuil an rud a mholann tú ceart, a Aonghuis, níl ann ach go bhfuil taithi agam féin ar an mbealach a théann an diospóireacht ó thuaidh. Is mór an trua nach féidir an stair a scarúint ó pholataíocht an lae….

    Freagra
  3. aonghus

    Tá alt spéisiúil in Irish Times an lae inné
    maidir leis na mairbh atá luaite ar an leac comórtha i nDoire.

    Tugann an feabhasú ó Thuaidh (a bhfuil bealach fada le cur de aige fós) deis do líocha seachas dubh agus bán i dtuiscint na staire.

    Is maith sin.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    aonghuis
    tá aitheantas poiblí á thabhairt do shiombalachas na Breataine lá i ndhiaidh an lae ó thuaidh.Tá ” naprún an bhúisteora” ar follúin gach áit gan mórán cur isteach ó’n phobal náisiúnach.Má tá éagcothromas ann is ar thaobh amháin ata sé agus anois tathar ag iarraidh ar náisiúnaigh
    comoradh a dhéanamh ar cheann de na heachtraí a b’amadaigh agus a ba fhuiltí i stair an domhain mar a bhí an chéad chogadh domhanda.Tá na comórthaí poibli ó thuaidh lán de mhíliteachas agus comharthaí impiriúlachais na Breataine ata dírithe cuid mhór ar thuilleadh bia a chur ar fáil do gunnaí móra na hIaraice agus Afganistáin agus monuar ta ag éirí leo má’s fíor an líon mór de dhaoine óga as poblacht na hÉireann ata ag liostáil in arm Shasana( mar a déir muid i bhfus).d’ainneoin athmhuintearas agus comhthuiscint is fíor an dan a scríobh an tAth Ó Néill as Béal Feirste.”Twas England bade our wild geese go that small nations might be free,but their lonely graves are by suvla’s waves on the fringe of the gray north sea, but had they died by Pearse’s side or fought with Cathal Brugha, their names we’d keep where the Fenians sleep neath the shroud of the foggy dew.”
    Ní misde cuimhniú anois agus aris ar na daoine bochta a thug a mbeatha go hamaideach ag suvla agus sud el bar ar shon impireacht na Breataine ach na déanamais laochra dóibh ar eagla go sílfeadh aos óg an lae inniú gubh fiú á mbraon fola.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    is cuma cé acu comóradh na céiliúradh é tá siad araon lán de
    gheatsaíocht mhíleata ata á húsáid le glún eile Éireannach a earcú isteach in arm Shasana le bheith ina dtairgidí in Iraic agus in Afganistán.Tá na hIar bhreatanaigh de chuid na tíre seo de dhíth go géar orthú nó d’imigh 1000 saighdiúr dá gcuid féin awol ó thosaigh an cogadh in Íraic.
    D’bhárúil an mbeidh muid ag comóradh no ag céiliúradh crógacht na ndaoine seo má éagann siad in Íraic?

    Freagra
  6. crosbhealaí

    Measaim go raibh cur chuige Alex Maskey ceart roinnt blianta o shin, nuair a bhí sé ina Ard Mhéara ar bhéal Feirste. Chroc sé brat na Ríochta Aontaithe agus an brat Tridhatach taobh le taobh i bparlús an Ard Mhéara i Halla na Cathrach. Sin a bhfuil le rá agam faoin ábhar seo.

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    contráilte a chrosbhealai

    níor chroc sé ach an tri dhathach, bhí an “Union Jack” ann cheana féin ach níor bhain sé anuas é. sin an cothromas ata náisiúnaigh an tuaiscirt ag iarraidh le fada ach gan á fháil.,Ceart domh ceart duit ab manadh

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Is breá liom an diospóireacht bríomhar seo a bheith ar igaeilge. Maith sibh. Tá tuiscint níos fearr agam ar chúrsaí anois. Creidim féin gur amaideach an rud é cogaíocht agus gur in aisce a thugann saighdiuirí a mbeatha an chuid is mó den am. Nior mhaith liom é a spreagadh.
    Níl an traidisiún mileata céanna in Éirinn is atá sa Bhreatain, áit a raibh saighdiúireacht mar chéard aitheanta agus daoine earcaithe chun siocháin na Banriona a bhrú ar fud na h-impireachta.
    Bionn blas na h-impiriúlachta céanna – cé go bhfuil an impireacht imithe le blianta fada – leis an comóradh a dheintear sa Bhreatain ar na saighdiúiri a cailleadh i gcogaí éagsúla. Dealraíonn sé domsa go bhfuil cur i gcéill i gceist. Agus tá gá leis nó tá na h-údaráis ag cur in iúl don náisiún gur mór acu ibirt an ghnath chos shaighdiúr. Ach is beag an méid a deintear, de reir dealraimh, ar son an saighdiúra a thagann abhaile ó chogadh agus é gortaithe agus gan é bheith i ndán obair b’fheidir don chuid eile dá shaol. Tharla seo roimhe do na saighdiúirí a tháinig ar ais chun na Breataine ós na Malvinas – leitheidí Simon Weston. Agus tá sé ag tarlú go fóill do na saighdiúirí atá á ghortú san Iaráic.
    O thuaidh tá blas an tseicteachais ar chúrsaí i gcónaí. Molaim Tom Hartley as an méid a rinne sé Dé Máirt. Sé mo mholadh, afach, go ndéanfadh SF é seo GACH bliain, fiú na mblianta nach bhfuil an Ard Mhéaracht acu. Sílim gur beart fiúntach é agus má tá sé fiúntach nuair atá an Ard Mhearacht ag an phairtí, tá sé fiúntach i gcónaí. Agus cuireann sé in iúl go bhfuil an pairtí dáiríre faoi bheith ag síneadh a lámha i dtreo an namhaid….
    Tá gá an dhá thraidisiún a aithint ó thuaidh agus seo a dhein SF agus an SDLP agus an Allliance. Ní fheadar afach an raibh ar Tom Hartley an trí dhathach a chur ar foluain arís sa Pharlús tar éis do teacht i gcomharbacht ar Jim Rodgers!

    Freagra
  9. Fearn

    An t-aon duine amháin sa bhfine agam a fuair bás faoi éide, oifigiúil nó neamhoifigiúil, b’é uncail mo sheanmhathar é a fuair bás sa chéad chogadh domhanda san arm Meiriceánach. Níl fhios ag éinne dúinn, monuar, cá bhfuil sé curtha nó fiú cathair agus cá bhfuair sé bás. Síltear go raibh sé ag iarraidh teacht ar ais go hÉireann agus gur cheap sé go mbeadh an cogadh thart nuair a shroisfeadh sé an Eoraip

    An bhfuil éinne ar son go chuirfinn tathaint ar Ambasáid SAM é a chomóradh?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s