Oireachtas gallda i dTeach Laighean

An tOireachtas ró ghallda

Cliabhán an daonláithis ar an oilean seo é Teach Laighean – ach ní h-ionann sin agus a rá gurb é cliabhán an daonláithis mar a fuair na teaghlaigh a thug cuairt ar an bPairlimint Náisiúnta amach don ‘Family Day’ ag an deireadh seachtaine. 

Mar is léir ón réamh fhógra seo thuas, is i mBéarla amháin ar deineadh an poiblíocht don ocáid seo.  Ba bheag den chultúr Ghaelach a bhí le sonrú ar chlár na n-imeachtai seachas cúpla taispeantas ó ghrúpa cheol traidisiúnta darbh ainm Slide. 

Ach níor cheart go mbeadh aon íontas orainn faoi seo ón Oireachtas, reachtas a ghlac leis an ainm, OIreachtas, mar chomhartha omóis do Oireachtas na Gaeilge agus an pháirt a bhí ag an bhfeile sin sna 1890aí ag tabhairt le cheile na daoine a bhain amach saoirse don Saorstat níos déanaí. 

Nó is beag ceann atá tugtha ag an Oireachtas céanna don reachtaíocht a reachtaíodh, gan focal easaontais i 2003, Acht na dTeangacha OIfigiúla.  Tá leagan Ghaeilge den suíomh – cé go bhfuil sé i mBéarla nach mór ar fad. 

Gan amhras, ní fada anois is dócha go mbeidh TDanna is Seanadóirí ag seasamh sa Dáil lena meas a léiriú don teanga le h-oráidí béalcráifeacha faoi na treimhsí ar chaith siad á foghlaim sa Ghaeltacht agus an tairbhe a rinne siad nuair a bhunaigh siad TG4.

Bheadh sé go maith dá ndeinfídís beart de reir briathar lá eigean acu seo ar son na teanga agus ar son na reachtaíochta a reachtaigh siad iad féin. 

Ba cheart dom a lua, gan amhras, go raibh tuairisc ar TG4 an oíche theana faoin ocáid agus gur luadh sa tuairisc sin go raibh ‘comharthaíocht dhá theangach’ ann ar an lá.    Ní lá frith Ghaelach amach is amach a bhí ann mar sin – ach ní ionann ach an duille fige na comharthaí dhá theangacha céanna dar liom….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s