Ciall ceannaigh MI6

Más mall is mithid do MI6

Is cosúil ón bhfógra thuas, a fuair mé san eagrán is déanaí den Economist, go bhfuil tosaíocht úr ag MI6, seirbhís faisnéise eachtrannach na Breataine. {De réir an suíomh seo, deir siad go bhfuil cumas domhanda faoi cheilt ag an eagras chun leas na Breataine a chur chun cinn – an ionann sin agus cumas sceimhle domhanda?]

Tosaíocht éagsúil atá ann ón am go raibh ar an aisínteacht sin – an dream a bhíonn James Bond ag obair dóibh! – eolas a chur ar fáil do Rialtas na Breataine faoi armlóin ollscriosta Saddam Hussein.  Agus an gá dúinn a rá an toradh a bhí ar sin?   

Anois is é an ceist atá á chur acu ar earcaigh úra ná seo:  The intelligence you’re about to present to the government will have far reaching consequences – does it stand up?

Gan amhras ba cheart go mbeadh an ceist sin mar thosaíocht acu i rith an ama.  Ach cad a deirtear faoi chiall ceannaigh?  Nach fearr é ná an dá chiall a mhúintear!

Agus tuigfidh muintir na hIaráice sin freisin, agus na céadta saighdiúirí Briotanacha a maraíodh san Iaráic, agus na mílte saighdiúirí Meirceánacha – nó is iad san a d’ioc an éiric as san ciall ceannaigh MI6!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s