Teachtaireacht an Aire

Feicim go bhfuil an tAire anois orthu sin atá den tuairim go bhfuil an iomarca eagrais Ghaeilge ann.   Is ait mar a thagann an méid atá le rá ag Éamonn O Cuív leis an méid a duirt Cathaoirleach nua Fhoras na Gaeilge, Liam O Maomhichíl in agallamh le déanai.

B’fheidir go bhfuil an iomad eagrais Ghaeilge ann.  Ach tá tuairim agam nach dtaitneodh sé leis na h-údaráis dá mbeadh eagras mór amháin ann.  An mbeadh, mar shampla, suiochán ar fáil don eagras sin ag cainteanna na bpáirtithe shoisialta?   Caol seans cheapfainn.  

Is é sin an teist.  An reitric atá ar bun ag an Aire nó an bhfuil sé ag caint óna chroí?    

Agus, ar ndóigh, ní féidir leis faic a rá faoi eifeacht na n-eagras mar is é an créatúr a chum sé féin, nach mór, Foras na Gaeilge, an eagras is mí eifeachtaí ar fad agus sin atá ar cheann an slua.  

 

4 thuairim ar “Teachtaireacht an Aire

  1. séamus Mac Seáin

    Ar luaigh sé na heagrais ar mhaith leis deireadh a bheith leo agus cad chuige ar cheart deireadh a bheith leo? go dtí go ndéan sé sin ní bheidh iná chuid cainte ach bladhmann gan dearbh

    Freagra
  2. aonghus

    Is cinnte go bhfuil na heagrais atá ann ró spleach ar an bhForas, agus an Foras ró mhí eagraithe.

    Ach – mar a chuala Íte Ní Chionnaith ag rá ar Seo Beo níos luaithe – is eagrais Pobail iad an chuid is mó de na heagrais.

    Tá cumas iontu iad féin athghineadh, mar sin.

    N’fheadar an bhufil sé cóir lochtanna an Fhorais a leagann ar ghualainn Uí Chuív. Feictear domhsa go neascraíonn cuid mhaith acu as na chomhghéilltí agus spléachais a d’éirigh as Comhaontú Aoine an Cheasta do na heagrais Trasteorainn ar fad.

    An bhfuil ceann ar bith acu atá ag feidhmiú go maith?

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is fíor narbh é an t aire Ó Cuív a ba chúis le bunú an fhorais.Is leanbh Shinn Féin a bhí an ó thús agus tionchur an mhór acu ar a ghníomhú ó shin.Is abhar gáire é ar bhealach go bhfuil Cathaoirleach an Fhorais agus an tAire araon ag lochtú líon na neagras Gaeilge nuair is iad na heagrais chéanna is mó ata ag cur na teangan chun tosaigh i measc an phobail.Níl sa chaint seo ar líon na neagras dar liom ach bealach le haird an phobail a bhaint de easpa gníomhaíochta an fhorais agus an stáit araon.Cá fhad a bheas sé dar leat go gcuirfear coimisiún ar bun le stáidéar costasach a dhéanamh ar líon na neagras Gaeilge?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Ní fada in aon chorr go mbeidh na comhairleoirí is costasaí sa tír ar an jab sin a Sheamuis. Gan amhras is leanbh SF é an Fhoras – ach tá sé á chothú, mar atá, ag O Cuiv. Cén fath nach bhfuil ceist tógtha aige go poiblí faoin teip glan atá ar an bhForas na cúntais a fhoilsiú? Ná tuairisci bliantúla?

    Tá obair mhaith á dhéanamh ag na h-eagrais Ghaeilge ar an mbeagán. Ach ní bheidh brí le h-eagras Ghaeilge ar bith gan suiochán timpeall an bhoird leis na pairtithe shoisialta eile….Sin an áit ina bhfuil an cumhacht – ach níl an Ghaeilge fiú ar an gclar oibre ann…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s