Deireadh le triail Brendan McFarlane

Agus mé i mBéal Feirste i gcaitheamh na mblianta, chuir mé aithne ar Bhrendan McFarlane nó ‘Bik’ dá lucht aitheantais.  Fear lach cinealta abea é, chomh fada is go raibh aithne agam air.  Ar ndóigh chaith sé na blianta i ngeibheann de bharr an ról a bhí aige in Oglaigh na hEireann[IRA] agus b’é a bhí ina OIfigeach Ceannais ar an IRA sna H-Blocanna trath na stailce ocrais i 1981.  Ceapadh é sa phost sin de bharr gur shíl Bobby Sands, an t-é a bhí ina oifigeach ceannais roimhe, gurb é an t-aon duine a bheadh laidir a dhothain brú ar aghaidh leis an stailc ocrais, fiú dá gciallódh sé go bhfaigheadh a chomrádaithe báis, Bobby féin i dtosach. 

Cúisíodh í as ucht Don Tidey a fhuadach sna 80aí – ach ní go dtí i mbliana a cuireadh ar a thriail é as ucht seo.   Agus inniu, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, thit an cás ina choinnibh as a cheile nuair a cuireadh as an áireamh raitis a dúirt na Gardaí go ndearna sé agus é faoi choinneáil acu an uair úd.   Dar le na Gardaí, d’admhaigh McFarlane go raibh sé sa choill inar thangthas ar Don Tidey sa deireadh.  Dar leis féin, ba chumadóíreacht bréagach a bhí sa mhaíomh sin ag na Gardaí. 

Tá an triail thart anois agus McFarlane saor le filleadh ar a chlann.  Ba chúis é seo a bhí nár ghá a throid ar aon nós mar fiú dá gcionntófaí McFarlane, bheadh sé saor faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta gan lá a chaitheamh i bpriosún. 

Ní fheadar cé mhéid a chosnaigh an geaits dlithiúil seo orainn ar fad? 

Aon tuairim amháin ar “Deireadh le triail Brendan McFarlane

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s