Céard atá le múineadh ag Acadamh na nAondachtach?

Tá sé fógartha ag Peter Robinson, Ceannaire an DUP, Céad Aire an Tuaiscirt, iar bhall den ‘Ulster Resistance’ agus an t-é a bhunaigh an fheachtas ‘Save Ulster From Sodomy’, go bhfuil sé chun Acadamh a bhunú ar son buanna an hAondachta agus an chultúir Bhriotanaigh a chraobhscaoileadh i measc an phobail. 

Níl a fhios agamsa céard a mhúinfí ag an Acadamh seo.  Ach tá roinnt tuairimí agam.

D’fhéadfaí mar shampla cuirtéis do na gcomharsain a mhúineadh agus mar a bhaineann sé bheith ag mairseáil ar an mbealach mór.  

D’fhéadfaí tuiscint níos iomláine ar an stair a mhúineadh, ionas nach bhfagtar an ghnath phobal aondachtach ar bheagan tuisceana faoin ról a bhí ag pairtithe ar nós an DUP i mbunú eagrais sceimhle ar nós Ulster Resistance agus ag spreagadh chun fuatha agus chun foreigin leitheidí an UVF, an UDA, an UFF agus an LVF. 

Ach an rud is tabhachtaí a bhféadfaí múineadh ag a leitheid seo d’Acadamh go bhfuil gá le tuiscint níos iomláine ar céard is cultúr na Breataine ann [Ní doichí go múinfí go bhfuil cultúir éagsúla ar na h-oileáin seo, an chultúr Briotanach ar oilean na Breataine agus an chultúr Éireannach ar oileán na hÉireann].  Mas cuid den Bhreatain, go cultúrtha, í an Tuaisceart faoi mar a mhaíonn aondachtaithe, go bhfuil sé chomh Briotanach le Finchley, ba cheart mar sin go nglacfaí leis gur chuid den chultúr Briotanach í an Ghaeilge, go bhfuil Gaeilge Bhéal Feirste díreach chomh Briotanach le Gaeilge Oileán Sgiathánach. 

Mar sin, níl aon “chúis” ag an DUP bheith ag íonsaí na Gaeilge de shíor mar a bhíonn siad – nó níl siad ach ag íonsaí cuid dá gcultúr Briotanach féin….

Ní iGaeilge amháin atá amhrasach faoin Acadamh seo nó is léir ón méid atá le rá ag an Aondachtaí seo go bhfuil imní ann nach gcuirfidh seo chun tosaigh buanna an Aontais idir an Bhreatain agus Tuaisceart na hÉireann,  agus creideann sé go bhfuil an ‘ilchultúrachas’ i measc na mbuanna sin, mar go mbeidh sé ró ghnóthach ag troid sna trínsí le Sinn Féin, sa Kulturkampf seo. 

 

Aon tuairim amháin ar “Céard atá le múineadh ag Acadamh na nAondachtach?

  1. séamus Mac Seáin

    an briotanachas ó thuaidh a la Robinson. Banríon,protastúnachas,an union jack,an phlandáil,sléacht (dar leo) 1641, cath na Bóine,an somme,an Titanic,éitic oibre na bprotastúnach, General montgomery,blair (paddy!} Mayne bunaíthóir an SAS etc.etc. An ionann bunú an Acadaimh seo seo céim síos don Ulster Scots Academy ata ann cheana féin?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s