Ar an mbóthar ceart

Inniu lá stairiúil nó tá comhaontú sínithe idir an Rialtas ó dheas, an Fheidhmeannas ó thuaidh agus Rialtas na Breataine faoina dtabharfar aitheantas do choscanna tiomána i ngach aon dlínse sna dlinsí eile.  

Faoi dheireadh thiar tá polaiteoirí ag aithint go bhfuil gá le smaointe taobh amuigh de na teorainneacha a bhí ár gcúngú le fada an lá mar aithníonn siad go bhfuil an fadhb – an slad ar na bóithre – ró mhór chun a bheith srianta ag na teorainneacha céanna. 

Creidim féin go bhfuil Nollaig O Diomasaigh ina pholaiteoir ceannródach ach baineann sé siar asam – agus ní droch rud é seo – gurb é Sammy Wilson, fear atá clú na biogóidíochta air dar liom, atá ag siniú an chomhaontaithe seo ar son an Tuaiscirt. 

Maith sibh Nollaig agus Somhairle ….tá sibh ar an mbóthar ceart.

2 thuairim ar “Ar an mbóthar ceart

  1. séamus Mac Seáin

    ní misde an comhaontú seo a beith ann ach an bhfuil aoinne amuigh ansin a shíleann go laghadóidh sé an síor slad ar na bóithre? Gimic polaitiúl atá ann. Da mba rud é gur chuir siad teora luasa 55 msu. i bhfeidhm sna hoilinn seo bheadh abhar céilúrtha againn.Rinne siad amhlaidh sna stáit aontaíthe le linn na héagandala ola sna 70,í agus Nixen i gcumhacht.Thainig laghdú suntasach ar líon na mbásanna ar na bóithre agus meastar gur úsáid daoine 15 % níós lú ola le na linn

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní h-é nach n-aontaím leat faoi theorainneacha luais. Ach sílim nach gcuirfí a leitheid i bhfeidhm ar chorr ar bith. Tá go leor dlithe ann – ach ní chuirtear i bhfeidhm iad.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s