Tacaíocht don Ghaeilge ≠ Maoiniú don Ghaeilge

Agus an culú eacnamaíochta, ar fhograíodh inné go raibh sé buailte linn, ina abhar imní ag cach, tá gá go gcuimhneoimís ar bhealaí le tacaíocht a mhealladh don Ghaeilge ó fhoinsí Stait nach mbeadh ualach trom ag baint leo i gcomhthéacs maoinithe. 

Is cinnte nach gcuireann sé íontas orainn go bhfuil culú eacnamaíochta ann agus gur doichí go mbeadh cúramaí níos práinní ar an Rialtas ná tacú leis an Ghaeilge [le fógrai móra costasacha i nGaeilge ar nuachtáin Bhéarla mar shampla].

Ní fheadar, mar shampla, céard a chiallaíonn an gculú seo don Straitéis 20 Bliana don Ghaeilge mar shampla?  Nó an plean chun teacht i dtarrtháil ar an nGaeltacht?   Ní doigh liomsa, agus b’fheidir go mbeidh mé san éagóir faoi seo, go mbeidh pingin sa bhreis á chaitheamh ar an nGaeilge nó ar an nGaeltacht san ré cúng atá le teacht.   Beidh an t-airgead á chaitheamh ar chúrsaí leighis is oideachais agus nithe eile.

Mar sin táím ag iarraidh oraibhse teacht chun tosaigh le seifteanna chun an Ghaeilge a thacú, seifteanna atá tacaíocht an Stat de dhith lena n-aghaidh ach nach gá gur ionann an tacaíocht sin agus tacaíocht airgid. 

Bhúr moltaí…..

6 thuairim ar “Tacaíocht don Ghaeilge ≠ Maoiniú don Ghaeilge

  1. séamus Mac Seáin

    mar thús níor mhisde iachail a chur ar na heagraíochtaí Gaeilge cuid dá gcaiteachas a bháiliú iad féin.Is mí bhuntaiste mór don chúis é nach bhfuil gné eacnamúil ag baint leis na heagrais ghaeilge ach sa bheag.Is gléasanna caite airgid iad an chuid is mó acu.Cuir i gcas gur dhúirt an rialtas le Foras na Gaeilge go dtabhairfeadh siad maoíniú Euro ar Euro dóibh ar gach a mbáileodh siad iad féin.Mar atá sé tá léir mór comhaltaí (16)ar an Fhoras , iad uilig ag tarraing costasaí agus iná suí i mbreithiúnas ar chaiteachas 12 milliún(?) Euro.Ní ar shon á sáineolas atá siad ann ach de bharr gnaoí na bpáirtithe polaitiúla a bheith acu.Níl aon chiall le sin.Cá bhfuil na sáineolaí airgid agus na fiontraithe? Cá bhfuil na daoine a chruthaigh maoin don phobal nó a bhunaigh gnó dóibh féin. an bhfuil fostóir ar bith ina measg? Is mithid an fhiontraíocht a spreagadh i measg lucht na Gaeilge nó beith muid a choiche ag iarraidh déirce.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    AN ceart glan agat, a Shéamuis. Ní féidir bheith ag brath ar deirce an Rialtais – níl sé slaintiúil ar chorr ar bith. Anois nuair atá an Rialtas ar an ngannchuid, ní bheidh siad chomh fial.
    Thug mé fógra faoi ndeara ag an deireadh seachtaine i bhFoinse ag lorg duine chun airgead a bhailiú ar son Fondúireacht na Gaeilge. Is cinnte gur cheart go mbeadh oibrí, ag obair ar choimisiún, ag bailiú airgid d’eagrais Ghaeilge na tíre. Agus ní ag caint ar bailiú deontais ó fhoinsí stait atáím ach ag mealladh gnólachtaí is eile chun INFHEISTIU sa Ghaeilge…..

    Freagra
  3. aonghus

    Bhí cruinniú ag Fondúireacht na Gaeilge i mBÁC ar na mallaibh faoin rud seo. Ní cuimhin liom cén t-ainm a bhí ar an gciste a bhí sé i gceist acu cur ar bun, cé go raibh mé ag an gcruinniú.

    Donncha Ó hEallaithe, Neasa Ní Chinnéide agus fear eile a labhair.

    Caithfidh mé tochailt a dhéanamh.

    Freisin, is dóigh liom go bhfuil an Taoiseach sách glic a aithint gur féidir an Ghaeilge a chuir chun cinn gan mórán airgid a chaitheamh, tríd – mar shampla – í a labhairt ar an aer agus sa Dáil, agus bród daoine a mhuscailt.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tá an Taoiseach le moladh as an méid atá á dhéanamh aige ar son na Gaeilge i réimse na polataíochta. Ní chosnaíonn sé pingin rua air an Ghaeilge a labhairt – ach faigheann sé ardán di saor in aisce agus ní féidir le na meáin an cluas bhodhar a thabhairt do. [B’fheidir gurb í an Ghaeilge ceann de na cúiseanna go bhfuil a údarás faoi íonsaí theana féin ag na meáin céanna – ní maith leo go mbeadh an dTaoiseach ag labhairt i dteanga nach dtuigeann siad].

    Ar ndóigh ní bheadh morán costas – fiú amháin bheadh airgead le saothrú as – dá mba rud é go nglacfaí leis na moltaí a bhí agamsa maidir le trachtaireacht Ghaeilge ar mór imeachtaí spoirt an tSamhraidh bheith ar TG4. Ní gá stop ag na Cluichí Móra Gaelacha – cén fath nach mbeadh trachtaireacht Ghaeilge ann ar na cluichí i Euro 2008, na Cluichí Oilimpeacha is eile? Tuilleadh faoi seo sa litir a bhí agam inné san Irish Times – http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3514&viewby=date

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Ní miste réabhlóid ach b’fhearr liom dul chun cinn. Sé sin le rá b’fhearr liom gan a bheith ag gabhail timpeall i gciorcail i rith an ama gan aon deireadh a bheith leis an réabhlóidiú ach siar casadh.

    Sin an fath go molaim céimeanna beaga suntasacha ar féidir iad a bhaint amach ach toil pholatúil a fháíl ar a gcúl. Sílim gur féidir toil pholatúil a fháíl chun an moladh atá déanta agamsa maidir le cúrsaí spoirt a chomhlíonadh agus táím ag obair ar sin faoi láthair….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s