Aiseirí Comhar ó na mairbh

Tá sé trathúil go bhfuil aiseirí na h-irise Comhar á fhogairt inniu i dTuarascáil an Irish Times is sa cholún sin ar fhograíodh bás obann na h-irise i mí Eanáir seo chaite.  Go deimhin deineadh an fógra agus eagarthóir na h-irise i mbun oibre chun eagrán na míosa sin a ullmhú don fhoilsitheoir, rud a rinne sé cé nár fhoilsíodh riamh é. 

Anois de réir scéala i dTuarascáil, mar chúiteamh b’fheidir ar an bhfógra báis ró luath i mí Eanáir, tá alt ann ag fógairt an aiseirí.  Beidh Comhar ‘ath dheartha’ le fáil i mí Meán Fómhair agus is é Aindrias  O Cathasaigh, atá ar na scríobhnóir Ghaeilge is bisiúla sa tír agus ar radacach é i dtraidisiún Uí Chadhain, a bheidh ina eagarthóir ar an iris. 

Is maith an rud é go mbeidh Comhar ar ais nó is caol é mo dhochas go mairfidh Lá Nua go deireadh na bliana in ainneoin iarrachtai na foirne an bad a choimead ar snámh agus fórsaí eile ag iarraidh é a chur go tóin phoil [nó sásta nach dtiocfadh an nuachtán slán le h-aghaidh 2009]. 

 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s