Buille marfach don IRA

Is cosúil go bhfuil Rialtas na Breataine ag ullmhú chun buille marfach a bhuaileadh ar an IRA.  Tá siad chun Oglaigh na hÉireann a dhíchoscadh.  De reir scéala san Irish Examiner inniu, tá an ceist tógtha i dTeach na dTiarnaí i Westminster ag an Tiarna Carlisle – dar leis go bhfuil sé iomarcach bheith ag coscadh an IRA de bhrí go bhfuil an oiread sin eolais mar gheall orthu ag lucht faisnéise.  

An fiú bheith id bhall den IRA má tá fáilte rompu ag Westminster?  Cá fhagann sé sin spiorad radacach na h-eagraiochta?   Is cinnte gur buille bolscaireachta é seo in aghaidh an IRA…..an buille is marfaí go fóíll.  Cad é an céad buille ar an liosta, ridireachtaí do bhaill Chomhairle na nArm…..? 

4 thuairim ar “Buille marfach don IRA

  1. séamus Mac Seáin

    fáilte romhat arais

    ní shílim go mbeidh ceannasaíocht an IRA ( an ann dí a thuilleadh?) ró bhuartha an chosc seo ann nó as ach is féidir go mbaineann sé seo uilig leis an chur agus cúiteamh atá ag dul ar aghaidh idir an DUP agus Sinn Féin faoi chumhachtaí póilíneachta ó thuaidh.Is ionann deireadh a bheith leis an chosc seo agus bac eile bainte de áistriú cummachtaí go stormont

    Freagra
  2. aonghus

    Bhuel, má tá na meáin abhus le creidimh (agus is fairsing an má sin…), is leas Chéad Aire duine acu.

    Is dóigh liom go bhfuil an cheart ag Séamas – cuid den damhsa casta, rince fhada na polaitíochta atá ann.

    (Groucho) Marxachas droim ar ais. Cad is fiú bheith i do bhall de chumann atá inglactha ag na hudaráis!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Is docha go bhfuil an cheart agaibh – ar ndóigh, shíleas go raibh abhar grinn ann. Léiríonn sé an fhaid atá an IRA tagtha ó 1981, abair, go bhfuil siad anois san áireamh le h-aghaidh a leitheid seo de ghradam. An é go mbeidh siad ag fáíl cuireadh go luath go dti na Coisir Gairdín ag an mBanríon….

    Tá tabhacht le h-aistriú cumhachta na poilíneachta, ar ndoigh. Sílim féin go bhfuil gá le h-aistriú cumhachta na craoltóíreachta freisin, chomh luath is atá buan chiste bunaithe ag an Rialtas i Londain le h-aghaidh craoltoíreacht na Gaeilge…..

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    buíochas le Dia go bhfuil siad tagtha chomh fada sin ó 1981 agus go bhfuil muid ag déanamh iontas de mharú an fhir bhoicht sin aréir i nDoire Cholmcille, rud a bhí chomh coitéanta sin an tam ud gur ar éigean a thugaimis faoi deara é.Mura b’ionann agus tú féin, ní thuigim an ró dheifre atá ar SF cumhachtaí póilíneachta a áistriú ag an am seo.Narbh fearr ligint do chúrsaí póilíneachta socrú síos ar feadh tamaill ó tharla go bhfuil incur mór ag SF ar na boird phóilíneachta cheana féin.Nuair atá “múineadh” curtha ar na péas (focal breá ultach)nach sin an tam le cumhachtaí a aistriú?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s