Bealach teilifise d’aos óg na Breatnaise

Beidh suas le 6.5 uair a chloig IN AGHAIDH AN LAE d�rithe ar na�onáin le Breatnais ar Cyw

Is cosúil gur seoladh bealach teilifíse nua don aos óg sa Bhreatain Bheag inné.  Bealach i mBreatnais é Cyw agus is ann a chraolfar go leor cláracha Breatnaise don aos óg. 

Is é seo an bealach chun tosaigh cinnte don chraoltóireacht Ghaeilge agus mar sin nior cheart bheith ag ceiliúradh an iomarca de bharr an £6m atá faighte chun an Ciste Craoltóireachta a choinneáil beo ar feadh dhá bhliain eile.   Is éard atá de dhith ná go ndéanfaí an Chiste a bhuanú tre reachtaíocht agus, ansin, go ndéanfaí é a d’fhás de chéimeanna substaintiúla gan mhoill. 

Níor cheart go mbeadh lucht na Gaeilge in Éirinn sásta leis an leath bhulóg (nó na grábhóga) i gcúrsaí craoltóireachta nuair is léir go bhfuil i bhfad níos mó ar fáil ach é a lorg.  

Ní theastaíonn sé go mbeadh gá leis an gciste a tharrtháil arís, bíodh sé ón DUP nó ón BBC atá ag déanamh creachadóireacht ar an gciste gan náire i rith an ama leis an oiread céanna cláracha, nó níos lú, a bhí á chraoladh acu roimhe a léiriú is a chraoladh i nGaeilge. 

Beidh suas le 6.5 uair a chloig in aghaidh an lae de chláracha i mBreatnais dírithe ar naíonáin – sin níos mó ná an méid cláracha i nGaeilge a dheineann an BBC ó thuaidh a chraoladh in aghaidh na leath bliana!

Aon tuairim amháin ar “Bealach teilifise d’aos óg na Breatnaise

  1. aonghus

    Ba cheart TG4 a bheith ina chraoltóir seirbhíse poiblí mar atá ar an Mór Roinn – saor ó fhógraíocht.

    Ansin, ba cheart múnla Cyw agus – abair KiKa na gearmáine a leanacht – bealach teilfíse do leanaí, gasúir agus déagoirí.

    Litir maith uait san IT inniu.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s