Ar ais i mbun oibre

Is féidir bheith ag súil le beocht úr in iGaeilge anois os rud é go bhfuil mé ar ais ó mo shaoire agus fiú go bhfuair mé droch scéal is mé thar sáile, tá fonn oibre orm in athuair. 

Cén áit le tosnú?  Sin í an cheist.   An bhfuil a dhothain cloiste againn faoi Chonradh Liospóin agus an diultú a tugadh do?  An bhfuil aon rud ag titim amach i saol na Gaeilge nó na Gaeltachta atá speisiúil. 

Feicim, mar shampla, go bhfuil Lá Nua ag díriú airde ar an gcogadh leanúnach atá ar bun ag an DUP in aghaidh na Gaeilge – ach tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil POBAL i mbun feachtas fíor eifeachtach le tacú leis an dteanga ó thuaidh – an feachtas ‘Tá’ don Ghaeilge. 

Agus tá Foinse buartha faoi Nuacht TG4 agus iad ag tagairt do na ‘droch choinniollacha oibre’ atá le fulaingt ag tuairisceoirí an staisiúin sin.    Ní fheadar faoi ‘droch choinniollacha’ oibre na dtuairisceoirí.   B’fheidir gur amhlaidh atá ach cuireann sé íontas orm go ndeirtear sa tuairisc go bhfuil 41,000 ag amharc ar an bhfeasachán nuachta gach trathnóna.   Deirtear freisin go bhfuil a bhfurmhór acu seo os cionn 55 bliain d’aois agus gurb é sin an fath go bhfuil an nuacht chomh dairire.     Ritheann sé liom i gcónaí go bhfuil daoine óga, gléasta mar dhaoine i bhfad níos sine, ag cur i láthair Nuacht TG4.  B’fheidir go bhfuil sé in am fáil reidh leis na gcultacha is na gcarabhat ar mhaithe le stíl neamh fhoirmeálta……

Fagfad sibh leis an smaoineamh sin – ach beidh mé ar ais ar balll…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s