An mbeimíd ‘bearáilte’ as an gclub….

Tá go leor scríte agus ráite faoi iarmhairtí vóta na nÉireannach[ó dheas] ar Chonradh Liospóin.     Cuid den mhéid seo, tá sé fiúntach. 

Ar nós an t-alt seo ag Gene Kerrigan ar an Sunday Independent Dé Domhnaigh.  San alt deir Kerrigan, an t-aon cholúnaí le dealramh ag an nuachtán sin dar liom, go raibh sé á rá go raibh an baol ann go ndíbreófaí an tír seo ón Aontas Eorpach mura n-eireodh leis an dara iarracht Chonradh Liospóin a reachtú le reifreann anseo. 

Dar le leitheidí Dick Roche, Aire na hEorpa, níl an Aontas chun fánacht ar an dtír seo.  Ar mhaithe le h-eifeacht agus le dea riaradh an Aontais, tá siad chun brú ar aghaidh le Conradh Liospóin.  

Is minic é cloiste ó lucht ‘Tá’ go bhfuil an Conradh seo á ullmhú le h-ocht mbliain agus mar sin go gcaithfí an iomarca ama amú dá mbeadh ar na pairtithe filleadh go bórd an mhargaidh.  Ar ndóigh níl sé seo fíor go h-iomlán. 

I mí na Márta anuraidh a d’fhograíodh go raibh sé i gceist Conradh a aontú i Liospóín faoi na socruithe a bhí gá leo le h-aghaidh dea riar an Aontais agus é méadaithe go mór de bharr ionduchtú na mballstat nua le linn Uachtarántacht na hEireann i 2004.   

Níl sé fíor go raibh an Conradh seo á ullmhú le h-ocht mbliain anuas ach sa chás go nglacann tú leis go siolraíonn an Chonradh seo ón iarracht, ar theip, Bunreacht an Aontais a reachtú roimhe sin.  B’shin an Bunreacht a dhiultaigh na Fraincigh agus na hIsiltírigh do i 2005 agus ar cuireadh stop, nach mór caol díreach, lena reachtú de bharr na ndiultú seo an uair sin. 

Níl Sarkozy na Fraince ag rá morán i dtaobh sin, an bhfuil? 

Nó léiríonn an stair dúinn gur féidir dul ar ais go dtí an bórd mhargála.  Agus tá sain ordú ag Rialtas na hÉireann chuige seo.  Feidhmeodh siad dá reir agus beidh an lá linn…..

Ní chreidim go mbeimid bearáilte ón gclub – ach murar féidir leis an gclub a aithint nach gá gach ball a bheith ar aon fhocal faoi gach abhar, tá deacrachtaí ag an gclub…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s