An bhfuil seo ceadaithe?

Tá fógra tugtha faoi ndeara agam i bhFoinse le roinnt seachtainí, an fógra thall.    Deir an fógra go bhfuil €500 á thairiscint don luibín is fearr, dar leis an nuachtán, agus go mbeidh an saothar céanna le clos ag Oireachtas na Samhna i gCorcaigh i mbliana. 

Sa líne dheireannach den bhfógra deirtear leis an t-é a chuireann a shaothar chun tosaigh dearbhú a shíniú go bhfuil sé ag tabhairt gach ceart don saothar do Foinse sa chás go mbuann an saothar an chomórtas atá á reachtáil ag an nuachtán.

An seift sleamhain é seo chun go mbeadh foireann luibíní ag Foinse ag an Oireachtas agus saothar le dealramh acu don chomórtas?  Cuimhnigh gurb é €700 an chéad duais don chomórtas seo…. Tá mé amhrasach i dtaobh an chomórtais seo.  B’é an traidisiún riamh go scríobhfadh lucht an agallaimh nó na luibíní a gcuid saothar féin nó go mbeadh duine eigean ar a n-aithne ag scríobh ar a son ach ní raibh aon chaint riamh faoi thaille airgid, go bhfios domhsa.   

Fainic amháin ar Foinse – an rud atá greannmhar is glic ar 1 Iúil, ní gá go mbeadh sé chomh glic nó greannmhar céanna ar 1 Samhain…. Agus, dar ndoigh, b’fheidir go bhféadfadh an t-é a bhuann comórtas Foinse luibín níos fearr arís a chumadh le h-aghaidh an Oireachtas agus an duais a bhaint ansin freisin.  

Ní feidir a chur as an aireamh go bhfuil Foinse chun ocaid speisialta a reachtáil ag an Oireachtas chun omós a thabhairt don Luibín agus gur ag lorg seoid ar leith atá siad…..níl 

Fagfaidh mé agaibh féin an cinneadh maidir le cur isteach ar an gcomórtas seo – nó gan cur isteach air. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s