Dea-thoradh agus droch sceal

Ta an teachaireacht seo a phostail on mBriotain; o champa Les Menhirs i gCarnac ar riomhaire le heochair chlar iomlan eagsuil on ghnath eochair chlar sa bhaile.  Ta gach rud eagsuil anseo – is ionann athrach agus saoiste nach ionann?

Fuair me an dea sceal faoi vota Liospoin o mo mhuintir i dteacs teachtaireacht gonta ach beacht is cruinn.   Sarar fhag me; bhi mo dhaid ag ra, agus e ag smaoineamh ar droch chas na hiascairi go gcaithfi votail Nil mar agoid.   Thuig me a phointe;  ta rud eigean lofa faoi choras a chuireann iacaill ar iascairi a guid iasc a chaitheamh ar ais san uisce, agus iad ag saothru an bhais, agus de bharr seo go bhfuil eisc a allmharu on iasacht go hiasclannai na hEireann. Cursai cuota agus eile is cuis leis, is cosuil.   Seo ar fad go bhfuil stoc na niasc ag imeacht i ndisc!

An droch sceal:   Ta mo athair san oisbideal tar eis gur buaileadh tinn e go tobann inniu.  Ta se socair anois ach neosfaidh an chead la eile sceal nios cruinne.  Bhur bpaidreacha de dhith…….

6 thuairim ar “Dea-thoradh agus droch sceal

  1. Concubhar O Liathain

    Thar nais sa bhaile – tá biseach tagtha ar m’athair cé go bhfuil go leor oibre le déanamh go fóíll. Tá sé ar an mbóthar ceart. Buiochas le foireann leighis an Bons i gCorcaigh agus, ar ndóigh, bhúr bpaidreacha.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    sé do bheatha a bhaile
    cuir i n-iúl do d’athair go raibh mé ag cur a thuairisce

    Freagra
  3. Tomaí Ó Conghaile

    A Choncubhair, a chara, deas a chloisteáil go bhfuil biseach ar d’athair. Go raibh sé ar a sheanléim go luath.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s