Daoirse – ach cén chostas a bhí air?

Fuair Gordon Brown mian a chroí anocht i Westminster nuair a votáil móramh ar son moladh Rialtas na Breataine go mbeadh cead amhrasáin i gcuiseanna ‘sceimhle’ a choinneáil ar feadh 42 lá, gan iad a chúisiú. 

Tháinig sé slán in ainneoin cheannairce a chúlbhinsí a d’fhag go raibh sé ag brath ar votaí an DUP chun teacht slán.   Os rud é go bhfuil an DUP go mór ar son daoine a choinneáil faoi ghlas, gan triail, go h-áirithe mas ón gculra naisiúnach a shiolraíonn siad [nó má tá siad aerach, Ioslamach, Iúdach, dubh, donn nó gorm nó glas], ní h-aon íontas gur thacaigh an DUP le Brown. 

Ach de réir dealraimh, cheannaigh Brown an tacaíocht.  Níl a fhios againn an le h-airgead tirim a cheannaigh sé na votaí nó le gealltanas faoi aistriú cumhachtaí poilíneachta is slándála nó faoi Acht na Gaeilge.  Ach an gá a rá nach doigh liom gur comhtharlúint gan chostas a bhí ann gur eirigh le Brown teacht slán le 9 vota d’fharasbarr. 

Agus cé mhéid feisire atá ag an DUP i Westminster?  Naoi bhfeisire!

Cad é an costas ar an daoirse seo?   

Neosfaidh an aimsir. 

Ag caint ar dhaoirse dom, táim ag dul ar saoire ón Déardaoin beag seo agus ní bheidh mo mhéara ag rínce ar an eochair chlár seo go ceann seachtaine.  

Seo mo thuar mas fiú faic é – caillfidh an reifreann ar Chonradh Liospóín:  52: 48. 

Slán tamall….

2 thuairim ar “Daoirse – ach cén chostas a bhí air?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s