Ag súil le deatach bhán ón Phapa Pheadar

Tá Papa Doc imithe ach tá pápa nua i réim ó thuaidh, an Phápa Peadar.   Is é seo an carraig ar a thóg Ian Mór a riocht in Ultaibh[Sé chontae] agus anois is é atá i gceannas, in éineacht lena phairtí sa Chéad Chomhaireacht, Martin McGuinness. 

Inniu, is cosúil, a ainmneoidh an tUasal Robinson foireann nua airí.  Tá sé i mbéal an phobail nach bhfanfaidh aon aire san áit a bhfuil sé agus tá sé á thuar go laidir nach mbeidh aon suiochán ag Edwin Poots timpeall ar Bhórd an Fheidhmeannais níos mó. 

Ní bheidh aon mhí-shástacht ar phobal na Gaeilge cúl Poots a fheiceáil.  B’iontas a cheapachán sa chéad dul síos nó nior samhlaíodh cumas aireachta leis riamh.  Agus léirigh sé narbh aon fhonóid fholamh an chaint sin nó ba thubaiste é mar Aire Cultúr, Ealaíon is Foillíochta. 

Ní airímid anseo an dochar a rinne sé don Ghaeilge – go príomha an tua a thug sé don Chiste Craoltóireachta agus don Acht Ghaeilge – ach don chultúr ina iomláine. 

Ar aon nós, tá sé imithe nó beidh go luath.  Guím imeacht gan teacht air. 

Ni h-aon solás do lucht Ghaeilge gurb é Gregory Campbell – doppelganger Phóil Uí Mhuirí – an t-é atá luaite leis an bpost seo.  Ní túisce Peter Robinson ceaptha ina Chéad Aire an tseachtain seo chaite, agus é ag tagairt go neamh dímheasúil don Ghaeilge, go raibh Gregory Campbell ina sheasamh ag scairteadh le craoltóiri nach mbeadh Acht Ghaeilge riamh ann.  Glacaimid leis nach le h-aigne oscailte ar an cheist atá an tUasal Campbell ag dul i mbun oibre. 

Tá blais searbh agus mí thaithneamhach leis an DUP.  Pairtí iad atá fréamhaithe i reiligiún bunchreidmheach agus nach bhfuil leisc orthu an ‘mhoráltacht’ seo a bhreith leo agus iad ag rialú do phobal nach bhfuil ar chomhthuiscint leo ar chúrsaí chreidimh nó pholataíochta.  Ní mór a thabhairt chun cuimhne nach bhfuil ach 36 suíochán – as iomlán 108 – ag an DUP.  Ciallaíonn sin nach bhfuil móramh acu ná baol air – agus mar sin níl sé de cheart acu bheith á n-iompar féin amhail is go bhfuil móramh an phobail ar a gcúl.  Ní h-amhlaidh atá. 

Má tá siad ag reachtú faoi cheist na teanga, nó faoi cheisteanna a bhaineann le claonadh ghnéis an duine, tá sé riachtanach go gcuirfí srian ar na claontaí mire atá acu ar mhaithe leis an bpobal ina iomláine.  Ní mór do Sinn Féin agus don SDLP bheith cinnte go gcuirfear srian leis an DUP.  

Faoi láthair, is cosúil gur ionann Riail an DUP agus Riail na Róimhe, an trath is brúidiúla agus is neamh chaoinfhulaingí ag an Eaglais Chaitliceach….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s