Tús na craoibhe iomána – agus cluichí eile

Beidh Seán Óg agus Diarmuid ag tabhairt chun páirce ar�s i mbliana...

Deireadh seachtaine mór spoirt é seo gan amhras,  Corcaigh in aghaidh Tiobrad Arann san iomáint agus Craobh Chomórtas Sacair na hEorpa ag tosnú san Ostair agus san Eilbhéis anocht. 

De réir iar thraenálaí iomána Chorcaí, John Allen, is iad muintir Thiobrad Arann a rogha chun an cluiche amarach a bhaint. Ach is Corcaíoch mise atá lán dóchais agus grá – buafaidh na Ceannarcaigh cois Laoi.  Agus buafaidh siad Craobh na hÉireann ina dhiaidh sin….

{Ar ndóigh, tá cluichí imeartha roimhe seo sa chraobh, ach is é seo an chéad chluiche cheart i mbliana, an chéad chluiche go bhfuil dhá fhoireann leis an cumas iontu bheith ann ar an gcéad Domhnach i mí Mheán Fhomhair in aghaidh a cheile sa chraobh…..

Níl a fhios agam faoi Chraobh Sacair na hEorpa.  Tá na tíortha móra ar fad ann – an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, An Spáinn, Sasana – is mór an grá Dé nach bhfuil ár gcomharsain ann.  Anois béimíd in ann sult a bhaint as an spórt seachas bheith ag guí chun Dé nach n-eireoidh leo an corn a bhaint.  

Coinneoidh sé na scifeoga ina dtost. 

Cé bhuafaidh dar libh?   I gCorcaigh agus ar an Mór Roinn?   

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s