Arm an Aontais

Arm Eorpach á mholadh ag Cathaoirleach Choiste Ghnótha Eachtracha an Aontais

Tá an BBC ag tuairisciú go bhfuil plean ag na Franncaigh cur go mór le caiteachas mileata le linn a seal uachtarántachta.   Agus de reir na tuairisce céanna, tá cathaoirleach Choiste Ghnóthaí Eachtracha an Aontais, Jacek Saryusz-Wolski, ag moladh go mbeadh Arm ag an Eoraip le bheith ina ‘fhórsa crua’ nuair is gá. 

Is cinnte nach gcuirfidh an caint seo gaoth i seol lucht ‘Tá’ agus iad ag teacht chutha féin tar éis gur fhoilsíodh toradh phobal bhreith ar maidin ag fógairt go raibh lucht Níl 5% chun cinn. 

B’fheidir má theipeann ar an Reifreann an toradh ‘ceart’ a aimsiú do lucht ‘Tá’ go ndéanfaidh an tArm Eorpach seo ionradh ar an dtírín beag s’againn chun múineadh a chur orainn…..

 

13 de thuairimí ar “Arm an Aontais

  1. séamus Mac Seáin

    gidh nach bfuil guth agam sa reifrin seo tá suil ‘s agam go rachaidh muintir na poblachta i gcoinne an chonartha mura mbeadh i gcéist ach neamhspleachas na tíre a chosaint.Nuair atá lucht déanta airm (agus lucht déanta cnuas bhuamaí iná measc) sa chomhphobal go mór ar shon an chonartha ba cheart dúinn cur ina choinne ar an acht sin amháin.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá’n ceart agat a Shéamuis. Tá an t-adh liom go bhfuil tú thart – uaireannta caillim mo chiall ag eisteacht leis an mbolscaireacht ó dheas. Má tá feabhsuithe le cur ar Aontas na hEorpa, maith go leor, ach ní h-ionann an chonradh seo agus feabhas ar bith.

    Freagra
  3. Fearn

    I dtús comhmhargadh, ansin comhphobal, ansin aontas, ANOIS tír fhiodarálach, agus Éire ina <1% de?

    Freagra
  4. aonghus

    Ní aontaíom libh.

    Tá feabhas i gceist leis an gConradh seo.
    Tá ról níos leithne an an bParliamant Eorpach, ról don chéad uair ag an Oireachtas, agus rl.

    Chomh maith le sin, murach an tAE bheadh cúrsaí cearta daonna agus oibrí i bhfad níos measa abhus; gan trácht ar chursaí timpeallacht.

    Níos mó ar mo bhlagsa : http://aonghus.blogspot.com/2008/05/leas-na-hireann-leas-na-heorpa.html

    Tá blas an chas scéal Euor sceipteach an scéal úd an BhBC.

    Comhoibriú seachas arm atá i gceist leis an EDA (atá ag brath ar an gConradh chun bunús a chuir faoi, agus atá gan ceannceathrú dá bharr)

    http://www.eda.europa.eu/

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim go ndeintear dearúd go minic nuair a deirtear, mar a dúirt Aonghus, mar seo i leanas:
    Chomh maith le sin, murach an tAE bheadh cúrsaí cearta daonna agus oibrí i bhfad níos measa abhus; gan trácht ar chursaí timpeallacht.

    Ní h-ionann bheith i gcoinne Conradh Liospóín agus bheith i gcoinne Aontas na hEorpa. Níl aon conradh seo iontuighte nó soiléir. Tá sé deartha le bheith doiléir agus dothuigthe.

    Má theastaíonn ó lucht Tá an reifreann a bhaint, beidh orthu iarracht i bhfad nios fearr míniú soiléir (chomh soiléir agus is féidir) a thabhairt ar na buncheisteanna.

    Ag an pointe seo, tá níos mó údair amhrais againn ná a mhalairt faoin gConradh.

    Freagra
  6. aonghus

    Bhuel, is dóigh liom go bhfuil aibheil áirithe san maíomh go bhfuil sé doiléir d’aon ghnó.

    Cuid den doiléire, baineann sé le friotal dlí. Is cinnte go ndeanadh faillí ansin.

    Tá an “Conradh comhdhlúite” ar fáil
    http://eur-lex.europa.eu/JOHtml.do?uri=OJ:C:2008:115:SOM:GA:HTML

    Ach an dream atá ag moladh vóta Níl, agus ag tarraingt isteach nithe nach mbaineann le hábhar, is iad an dream céanna iad a bhí riamh in aghaidh an bheartas Eorpach, fiú agus iad ag maíomh “Táim ar son na hEorpa, ach in aghaidh an Chonartha seo”.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Má chaithim vóta ar son ‘Níl’, ní h-ionann sin is go gcaithfinn vóta ar son an dream a deir ‘Níl’.

    Tá amhras orm faoi Libertas agus faoi Shinn Féin, ach go h-áirithe.

    Ach ní gá a rá, an gá, ach go bhfuil údar amhrais go leor ann faoin dream atá ar son vóta ‘Tá’, na mór phairtithe, na ceard chumainn, an IFA is eile.

    Ní aontaim le mileatachas na hEorpa, an oiread is nach n-aontaim le mileatachas Mheircea nó mileatachas na Síne. Tá deis agam guth a chaitheamh in éadan mileateachas na hEorpa agus an coincheap go mbeadh ar an dtírín bocht s’againn cur lenár gcaiteachas mileata trath go bhfuil othair ag fánacht ar chúram oisbidéil agus an Ghaeilge in áit na leath phingine.

    Ní h-é cothabháil tionscail mhileata na Fraince, na Breataine, na Beilge nó na Gearmáine mo thosaíocht….

    Freagra
  8. aonghus

    Bhuel, de réir mo thuiscint is ag titim atá caiteachas míleata san Eoraip i gcoitinne agus in Éirinn go hairithe – agus cuid de mar thoradh ar obair an EDA, atá ag seachaint dúbláil córais.

    Ní fheictear dom go bhfuil míleatú mar thoradh ar an gconradh, agus i gcás na hÉireann tá prótacail leis a thugann deis d’Éirinn tarraingt siar as aon bheartas “cosaint chomónta”.

    Tíortha a bhfuil a neodracht i bhfad níos soiléire ná “neodracht ar thaobh SAM” na hÉireann – an Ostair agus an tSualainn – ghlac siad leis an gConradh.

    Is beag tír a chuireann ceisteanna casta faoi bhráid an phobail i reifreann – toisc gur fearr iad a fhágáil faoi saineolaithe a bhfuil sainordú acu.

    Tá ceist an fiú an bhfuil reifreann riachtanach sa chás seo, toisc nach bhfuil aon athrú le teacht ar Bhunreacht na hÉireann mar a bhí nuair a bhuaigh Crotty an chás úd.

    Freagra
  9. séamus Mac Seáin

    mura a bhfuil gá leis an reifreann seo a aonghuis a chara cad chuige a bhfuil sé ann ar chor ar bith? .Níor iarr muintir na hÉireann é is cinnte ach tá tíortha móra na hEorpa á lorg ar chúis éigin. cad chuige dar leat? Is dóiche go bhfuil an iomarca ionchur ag na tíortha beaga mar ata anois a chuireann isteach ar ghníomhú gasta na gcumhachtaí móra ach is maith liom féin go gcaitear am a chaitheamh ar chur agus cúiteamh sula ndéantar cinneadh ar rudaí a bhaineann liom.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    De réir na scéala a d’fhoilsigh an BBC inniu, tá sé i gceist ag an Fhrainc ceannaras mileata don Aontas Eorpach a thosnú agus iad i mbun na hUachtarántachta. Glacaim leis go bhféadfadh seo bheith ina scéal uafáis ag teacht ón mBreatain atá amhrasach faoin Eoraip – ach tagann an scéal le roinnt scéalta eile atá feicthe agam mé féin.

    Ní thaitníonn sé liom ach an oiread go bhfuil an bearna daonláthach follasach seo ann – sé sin gurb iad votairí na tíre seo an t-aon toghlach le guth ar an gceist tabhachtach seo.

    Freagra
  11. aonghus

    Seo nasc leis an mbreithunás i gcás Crotty

    http://www.bailii.org/ie/cases/IESC/1987/4.html

    Is é mo thuiscint, de bharr nach bhfuil aon leasú ar Bhunreacht na hÉireann riachtanach de bharr Chonradh Liospóin, go mbeadh sé d’údarás ag an Oireachtas é dhaingniú. Shocraigh an Rialtas go mbfhearr dul ar aghaigh le reifreann ar eagla na heagla.

    Agus san leasú a dhéanfar ar an mbunreacht chun glacadh leis an gCoradh, tá sé luaite go sonrach nach mbeidh an Stát pairteach i gcosaint coiteann. (Foinse fós á lorg agam, tá sé san mbileog a chuir an dream ata freagrach as an reifreann amach).

    Nílim iomlan tógtha leis an gConradh seo. Ach creidim go láidir go bhfuil breall orthus siúd a deir go mbeidh margadh níos fearr le fáil ma dhiultamid dó. Ní bheidh.
    Cen margadh níos fearr a fuair na hÍsealtírigh agus na Fraincigh?

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Cen margadh níos fearr a fuair na hÍsealtírigh agus na Fraincigh?

    Narbh é sin Conradh Liospóin – seachas Bunreacht na hEorpa?

    Agus níor thit an spéir de bharr na ndiultú sin.

    Freagra
  13. aonghus

    Ach níl mórán difear i substaint idir an Bunreacht agus an Chonradh seo – níl ann ach go bhfuil roinnt siombail bainte as.

    Níor thit an speir, cinnte, ach chaitheadh dhá bliain breise ag margaíocht, agus ní dóigh liom go bhfuair ceachtar den dá thír rud ar bith breise.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s