Lucht ‘Níl’ imithe chun tosaigh go mór

Tá sé á thuairisciú go bhfuil lucht Níl imithe go mór chun tosaigh sa phobal bhreith is déanaí faoi Chonradh Liospóin. 

Gan seachtain fagtha go dtí Lá an Vóta, tá méadú 17% tagtha ar thacaíocht lucht “Níl’ agus tá titim 5% ar lucht Tá – sin luascadh de 22%, cé gur léir go bhfuil cuid is mó den tacaíocht atá faighte ag lucht “Níl” tagtha ón dream nach bhfuil a fhios acu go fóill. 

Má eiríonn le Brian O Comhain agus lucht “Tá” an taoide a chasadh ag an bpointe seo, beidh sé ina athbheochan chomh súntasach le h-aiseirí Lazarus.   

Níl ach 5% idir lucht Tá agus Níl – ach tá an ghaoth i seolta lucht Níl anois.   Ní mór a thabhairt chun cuimhne gurb é seo an dream céanna a rinne an pobalbhreith a thuar bua d’Fhianna Fáil ag an toghchán dheireannach. 

An t-aon dóchas atá ag lucht Tá ag an am seo go spreagfaidh an pobal bhreith seo a lucht tacaíochta chun teacht amach agus vóta a chaitheamh ar 12 Meitheamh.  B’fheidir gurb é seo an fainic a bhí de dhíth orthu chun teacht amach agus an conradh a mhíniú níos fearr agus níos soiléire san am atá fagtha idir seo agus Déardaoin seo chughainn. 

 

3 thuairim ar “Lucht ‘Níl’ imithe chun tosaigh go mór

  1. Cú Chonnacht

    “B’fheidir gurb é seo an fainic a bhí de dhíth orthu chun teacht amach agus an conradh a mhíniú níos fearr agus níos soiléire san am atá fagtha idir seo agus Déardaoin seo chughainn.”

    Ach ní féidir an chonradh a mhíniú i gceart, cruthaíodh é ionas go mbeadh sé doléite:

    “Public opinion will be led to adopt, without knowing it, the proposals that we dare not present to them directly” … “All the earlier proposals will be in the new text, but will be hidden and disguised in some way.”

    V.Giscard D’Estaing, Iar-Uachtarán na Fraince agus cathaoirleach an choinbhinsiúin a chruthaigh an conradh.

    “The aim of the Constitutional Treaty was to be more readable; the aim of this treaty is to be unreadable… The Constitution aimed to be clear, whereas this treaty had to be unclear. It is a success.”

    Karel de Gucht, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Fiú go bhfuil sé doléite, tá a léamh féin ag gach duine air. Agus ní h-ionann aon dá léamh. Tugann sin mianach do lucht Níl freisin. Agus mura n-eiríonn leis an reifreann Déardaoin beidh orthu teacht chun tosaigh le ‘seift’ eile.

    Creidimse gurb é an laige ba mhó atá ag an gConradh seo – agus bhí sé ag furmhór mhór na gconarthaí eile freisin – nach bhfuil ach an tír seo ag votáil ina taobh. Má tá sé ar leas na hEorpa, cén fath nach bhfuil deis ag gach votóir san Aontas tacú lei?

    Feictear dom freisin go bhfuil sé ag teacht chun solais anois go bhfuil na Franncaigh ag ullmhú plean a bhrostódh mileatú na hEorpa le linn a seal uachtarántachta. Má theipeann ar Liospóin in Éirinn, ní ró shasta a bheidh siad nó beidh orthu an plean sin a chur ar an méar fhada ar a laghad.

    Bhí mé den tuairim go gcaithfinn vóta ar shon an Chonradh ach táím ag iompó ina choinnibh anois.

    Freagra
  3. Cú Chonnacht

    “Na Francaigh ag ullmhú plean a bhrostódh mileatú na hEorpa”

    Sin go díreach atá uathu agus seo leanas an seoid sa gconradh lofa:

    “Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcumais mhíleata a fheabhsú go comhleanúnach.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht sa réimse a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha (dá ngairtear “an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint” anseo feasta) riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a chur ar aghaidh chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is gá do neartú bhonn 34 GA Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh 17.12.2007
    tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a chur chun feidhme, beidh sí rannpháirteach i mbeartas Eorpach chumas agus armálacha a shainiú, agus cuideoidh sí leis an gComhairle chun feabhsú ar a gcumais mhíleata a mheas.”

    Aon tír mar sin nach bhfuil ag feabhsú a chumais mhíleata go comhleanúnach, ní bheidh an tír sin ag comhlíonadh a dhualgais faoin Aontas nua.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s