Forás Chonradh na Gaeilge in aineoin Fhoras na Gaeilge

In agallamh spéisiúil atá díreach foilsithe ar Beo.ie, ni chuireann Julian de Spáinn fiacal ann.  

Mar fhreagra ar cheist ó Chaoimhe Ní Laighin, tugann sé le fios céard é an bac is mó ar a chuid oibre mar Ard Runaí ar Chonradh na Gaeilge: 

“Go macánta, caithfidh mé Foras na Gaeilge a rá.  Níl aon tairbhe nó toradh i ndiaidh a bheith ar na pleananna móra a chuir mé chucu. Tá mé buartha in amanna nach léir dóibh an mórphictiúr. Mar shampla, chuir Conradh na Gaeilge iarratas faoi bhráid an Fhorais roimhe seo le maoiniú a fháil chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae. Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge…..”
Gan amhras níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge – ach níl a fhios againn, an bhfuil, an méid airgid a chuireann Foras na Gaeilge ar ais chuig an dá mhathair ranna gach bliain de bharr nach bhfuil cúntais an Fhorais foilsithe ón mbliain 2003 ar aghaidh. 
Ní féidir cur suas leis an leithscéal leibideach sin ón bhForas.  Dá mbeadh an eagras tras teorainn leath chomh fuinniúil ag lorg airgid breise chun na tograí uaillmhianacha seo atá á mholadh ag de Spainn a mhaoiniú agus atá siad ag tarraingt na gcos faoi fo-oifig a lonnú i nGaoth Dobhair, bheadh le Gluaiseacht na Gaeilge.  Ach níl.  
Tá dóchas ag Julian go mbeidh aisfhreagra níos fearr ón bhForas agus bórd nua ann agus Cathaoirleach úr in áit.   Ach níl an dóchas céanna agamsa nó cad é a dúirt Liam O Maolmhichíl in agallamh [d’oirfeadh do Foinse slacht a chur ar an mbealach atá an alt seo foilsithe acu] a rinne sé le Foinse agus ar foilsíodh é le gairid: 
Bíonn easaontas uaireanta idir na heagraíochtaí Gaeilge agus an Foras faoi acmhainní agus eile. An bhfuil cúis acu nó an bhfuil siad ag brath an iomarca ar an Stát? “D’fhéadfá an cheist a chur an bhfuil na heagraíochtaí ag brath an iomarca ar láimh an Stáit. Agus ceist eile ná an bhfuil an iomarca eagraíochtaí ann ó thaobh na Gaeilge de?”
B’fheidir go bhfuil go leor eagraíochtaí ann – ach tá siad ag saothrú leo ar an mbeagán agus ag comhlíonadh dualgaisí éagsúla, rud nach féidir a rá faoin bhForas.   
Agallamh speisiúil atá ann agus roinnt nithe speisiúla luaite ann – ar nós an phlean chun Sraid Fhearchair a dhíol agus foirgneamh nua a cheannach/a thogáil in áit eigean ar nós Barra Temple.   

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s