Bertie agus na capaill

N fheadar cá bhfaighinn geall ghlacadóir chun an soinseáil ón mbuiséad a chur ar chapall?

Cé a chuirfeadh geall air?  Aire airgeadais a bhí sásta dul sa seans agus airgead a chur ar na capaill, a dhothain airgid is a shaothródh bua £8,000 ar ocáid amháin.   Ní fheadar ar chur aoinne ceist ar an iar Thaoiseach faoi ainm an chapaill, nó ainmneacha na gcapall, ar a bhuaigh sé an tsuim substaintiúil seo? 

Dá mbuafainnse airgead mar sin ar chapall, bheadh leacht chuimhneacháin agam ar an bhfalla sa bhaile!

Níl fhios agam, ach an oiread, an solás nó faoiseamh dom é go mbeadh airgead mar seo á úsáid ar ghealltaí ag Aire Airgeadais mo thír.  Glacaim leis nár chuir sé airgead na tíre ar chapall – ach an féidir gur chuir sé ar chúpla togra míchuí ná raibh ach caol seans ann go n-eireodh leo.   

B’fheidir go bhfuilim saonta agus nach airgead mór é £8,000 i dtéarmaí na gcapaill go dtí seo.  Ach níor thuig mé gur fear mór cearbhachais abea Bertie roimhe seo – agus cad a cheapfadh a chairde a thug an ‘dig out’ do má bhí sé ag cur an t-airgead a fuair sé uatha ar chapaill.  

Tá an scéal seo ag eirí ró chasta agus ró dochreidte in aghaidh an lae….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s